Méid an Téacs

Tionscadal Tumoideachais i nGaeltacht Dhún na nGall

Meán Fómhair 6, 2011

Tá trí bhunscoil Gaeltachta i nDún na nGall tar éis tabhairt faoi thionscadal tumoideachais nua le go mbeadh an Ghaeilge amháin le cloisteáil i ranganna na naíonán sóisearach.

Ciallaíonn sé sin nach mbeidh Scoil Rann na Feirste, Scoil Dhoire Chonaire agus Scoil Chaiseal na gCorr ag tosú ar theagasc an Bhéarla go dtí na naíonáin shinsearacha.

Deir Éamonn Mac Niallais, urlabhraí ar son Ghuth na Gaeltachta go bhfuil an polasaí seo chun leas na Gaeilge sa Ghaeltacht  agus go mbíonn “torthaí foghlama níos airde á mbaint amach ag na daltaí sa dá theanga dá bharr”.

“Tá sé fíorthábhachtach dúinn mar phobal Gaeltachta na céimeanna dearfacha seo a ghlacadh le léiriú go bhfuilimid dáiríre faoi thodhchaí na teanga a chinntiú, a deir sé.

D’eagraigh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus COGG seimineár do lucht teagaisc na scoileanna Gaeltachta san Earrach ar an ábhar seo.  Chomh maith leis sin, d’eagraigh siad seisiúin eolais do na Boird Bhainistíochta agus cúrsa traenála do mhúinteoirí ar fhoghraíocht na Gaeilge.

Táthar ag súil go gcuirfidh seacht mbunscoil eile atá lonnaithe i gcroílár na Gaeltachta i nDún na nGall an beartas céanna i bhfeidhm go luath.

“Tá géarchéim ann ó thaobh úsáid na Gaeilge i measc aos óg na Gaeltachta,  ní réiteach na faidhbe ann féin atá sa tumoideachas ach is cinnte gur cuid den réiteach é”, a deir Mac Niallais.

©Foilsithe ar Gaelport.com 06 Meán Fómhair 2011