Méid an Téacs

Togha na gcúrsaí ollscoile ar fáil trí Ghaeilge

Meitheamh 28, 2011

Tá áthas an domhain ar lucht an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteiste  mar gur tháinig deireadh leis na scrúduithe Stáit Dé hAoine seo cáite.

Cé go mbeidh ócáidí ceiliúrtha á n-eagrú acu anois tá jab amháin fós le déanamh acu siúd a bhfuil suim acu a n-intinn a athrú ar chúrsaí tríú leibhéal atá roghnaithe acu.

Is féidir le daltaí Ardteiste a líon isteach foirm CAO cúrsaí tríú leibhéal a roghnú roimh 5.15i.n ar 1 Iúil trí www.cao.ie.

Tá éileamh mór ann do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu, le teacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, an Ghaeilge a bheith aitheanta mar theanga oifigiúla san Aontas Eorpach agus forbairt na meán craoltóireachta le cúpla bliain anuas gan trácht ar mhúinteoirí  bunscoile agus iar-bhunscoile. Chun an t-éileamh seo a sásamh tá fás mór tagtha ar chúrsaí tríú leibhéal a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhghné iontu.

Is féidir BA a dhéanamh sa Ghaeilge i gcuid mhaith d’institiúidí tríú leibhéal lena n-áirítear Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Má tá suim agat i gcúrsaí gnó nó iriseoireacht is féidir BA Gnó agus Gaeilge nó BA Gaeilge agus Iriseoireacht a dhéanamh le FIONTAR DCU (www.dcu.ie/fiontar)

Ós rud é go bhfeidhmíonn cúrsaí FIONTAR go hiomlán trí Ghaeilge agus go bhfuil áiseanna teanga d’ardchaighdeáin ar fáil sna ríomhlanna bíonn mic léinn réidh le hobair trí Ghaeilge gan mórán stró.  Cuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh (http://www.acadamh.ie/)  réimse leathan de chúrsaí ar fáil ar nós cúrsaí aistriúcháin, riaracháin gnó agus cumarsáíde.

Tugann na cúrsaí san Acadamh deis do mhic léinn cúrsa tríú leibhéal a dhéanamh i gcroílár ceantair Gaeltachta amhail Connemara agus Dún na nGall,  a chabhraíonn go mór leo a scileanna teanga a fhorbairt.

©Gaelport.com 28 Meitheamh 2011