Méid an Téacs

Tréimhse lán-tumoideachais luath sna naíonáin i mbunscoileanna lán-Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht le ceadú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Samhain 25, 2014

Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. go mór roimh ráitis Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, an tUasal Seán Ó Foghlú ag Comhdháil Bhliantúil Oideachais 2014 Gaelscoileanna Teo. inniu go bhfuil ar intinn ag an Roinn go gceadófar tréimhse lán-tumoideachais luath sna naíonáin mar chuid d’fhorordú an churaclaim bunscoile, cinneadh a eascraíonn as an scrúdú atá déanta ag an Roinn ar thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an gcóras tumoideachais mar chuid den athbhreithniú ar oideachas Gaeltachta.

“Is léiriú é an beart seo ar aitheantas na Roinne ar thábhacht an luath-thumoideachais iomlán do shealbhú na Gaeilge agus d’fháilteodh an eagraíocht go mór roimh thréimhse 2 bhliain iomlán den luath-thumadh sna scoileanna lán-Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, mar aon leis na tacaíochtaí praiticiúla riachtanacha d’fheidhmiú an chórais”, a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo.

Leanúntas Inspioráideach an Oideachais lán-Ghaeilge is ea ábhar an cheiliúrtha ag scoileanna lán-Ghaeilge ó gach cearn den tír ag an gcomhdháil dhá lá, téama a aithníonn ról gach leibhéal sa chóras oideachais lán-Ghaeilge chun críche barr feabhais i gcáilíocht an teagaisc agus na foghlama a chinntiú. D’fháiltigh Ó Foghlú roimh na deise a thugann an chomhdháil “tuairimí a roinnt ar na féidearthachtaí éagsúla a bhaineann le leanúntas an oideachais lán-Ghaeilge a threisiú”.

Ag tagairt do ról nua Gaelscoileanna Teo. mar cheanneagraíocht sa réimse Tumoideachas, Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge, d’fháiltigh Ó Foghlú roimh na deise “don eagraíocht chun an leanúntas a bhuanú idir na réimsí éagsúla oideachais lán-Ghaeilge”.

Aithníonn an Roinn Oideachais agus Scileanna, “go bhfuil go leor tairbhe ag baint leis an oideachas lán-Ghaeilge, tairbhe a chuimsíonn an leas oideachais do na foghlaimeoirí agus buanú na Gaeilge sa chóras oideachais”. Ag tagairt d’fhorbairt na hearnála agus bunú dhá iarbhunscoil lán-Ghaeilge i 2014 agus oscailt iarbhunscoil lán-Ghaeilge eile i 2015, deir Ó Foghlú, “is léiriú é seo ar thiomantas na Roinne don oideachas lán-Ghaeilge a leathnú chomh fada agus is féidir”. Fáiltítear go mór roimh an tiomantais seo, “ach ní mór teorannú an chórais reatha aitheantais scoile a bhreithniú i gcomhthéacs na mílte páistí ag an dá leibhéal nach n-éiríonn leo áit a fháil i scoil lán-Ghaeilge toisc ró-shuibscríobh don scoil is cóngaraí dóibh agus nach bhfuil a gceantair aitheanta ag an Roinn le haghaidh soláthair breise”, a deir ní Ghréacháin.

D’aithin an chomhdháil gur ábhar imní tríd an earnáil é an soláthar mhúinteoirí ag an dá leibhéal le caighdeán inniúlachta cuí sa Ghaeilge le múineadh i scoil lán-Ghaeilge, dúshláin a bhaineann leis na heasnaimh sa chlár oideachais tosaigh do mhúinteoirí mar aon le forbairt ghairmiúil leanúnach an mhúinteora. Bíodh is go bhfáiltítear roimh an taighde atá coimisiúnaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta ar ardú an riachtanais iontrála sa Ghaeilge sna coláistí oiliúna, “is é caighdeán Gaeilge na gcéimithe ag teacht amach ó na coláistí oiliúna agus ag dul isteach sna scoileanna lán-Ghaeilge príomhábhar imní na scoileanna” a deir Uachtarán na heagraíochta, Máirín Ní Chéileachair.

Tagann an chomhdháil oideachais 2014 sna sála ar sheoladh taighde ar shealbhú teanga i measc an ghlúin óg sa Ghaeltacht, taighde a chaitheann súil géar ar staid criticiúil an sealbhaithe teanga. Beidh Gaelscoileanna Teo. ag súil go mór roimh na deise dul i gcomhairle leis an Roinn agus na páirtithe leasmhara cuí i dtreo straitéisí a fhorbairt agus a fheidhmiú le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin práinneacha atá san earnáil oideachais Gaeltachta.