Méid an Téacs

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga

Márta 24, 2011

Tá léiriú neamhbhalbh tugtha i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar na fadhbanna atá roimh an rialtas nua má tá fonn orthu a chlár oibre don Ghaeilge a chur i gcrích.

Léiríonn iniúchadh a rinne a Oifig ar Ranna agus Oifigí Rialtais go raibh ag teip go leanúnach ar bhreis agus an ceathrú cuid de Ranna agus Oifigí Rialtais fiú an leibhéal seirbhíse is bunúsaí ar fad a sholáthar trí Ghaeilge do chustaiméirí ar an teileafón, agus gur theip ar 29% eile oiread seirbhíse trí Ghaeilge a chur ar fáil agus a chinnteodh go raibh a ndualgais reachtúla a gcomhlíonadh acu. “Tá an teip seo níos suntasaí fós nuair a chuirtear san áireamh gur bhain an t-iniúchadh le comhlachtaí poiblí a raibh plean reachtúil teanga i bhfeidhm acu le 4 bliana ar a laghad” a dúirt an Coimisinéir Teanga. “Scanrúil” a thug an Coimisinéir Teanga ar an eolas a tháinig chun cinn le linn na bliana nach raibh ach 1.5% d’fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais agus Scileanna a raibh ar a gcumas seirbhísí a sholáthar i nGaeilge chomh maith le Béarla. B’ionann sin agus laghdú 50% le cúig bliana anuas. Agus é ag admháil gur fadhb choitianta í seo sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí, dúirt sé go léiríonn sé níos soiléire ná aon ní eile an bhearna idir cumas seirbhísí a sholáthar trí Bhéarla agus soláthar na seirbhísí sin trí Ghaeilge.

Ba bheag iontas é mar sin, bunaithe ar imscrúdú eile, gur chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais foráil de chuid an Achta Oideachais 1998 trí raon suímh gréasáin oideachasúla a sholáthar trí Bhéarla amháin, beag beann ar riachtanais na ngaelscoileanna nó scoileanna Gaeltachta. Tá an tuarascáil iomlán le fáil ar www.coimisineir.ie.

Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha