Méid an Téacs

Tuarascáil faoi chóras a thugann ar scoileanna Gaeltachta glacadh le múinteoirí gan Gaeilge leagtha os comhair an Oireachtais

Bealtaine 14, 2015

Mhaígh an Roinn Oideachais go raibh gach múinteoir bunscoile sa tír oilte le gasúír Gaeltachta a theagasc. ‘Deargaimidí’ a dúradh in imscrúdú Oifig an Choimisinéara Teanga

Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag tabhairt ar scoileanna Gaeltachta glacadh le múinteoirí gan Gaeilge – agus níl siad sásta géilleadh do chinneadh de chuid an Choimisinéara Teanga gur sárú é seo ar an Acht Oideachais.

D’fhógair an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ar maidin go bhfuil tuarascáil speisialta curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais aige faoi dhiúltiú na Roinne moltaí a oifige a chur i bhfeidhm.

D’eascair an cás as gearán a rinne bunscoil Ghaeltachta le hOifig an Choimisinéara i 2013. Bhraith an scoil go raibh brú orthu glacadh le múinteoir nach raibh dóthain Gaeilge aige.

Mhaígh an Roinn go raibh gach múinteoir bunscoile sa tír oilte le múineadh in aon scoil, scoileanna Gaeltachta san áireamh, agus thagair siad don chomhaontú idir an Roinn agus ceardchumainn na múinteoirí faoina líontar folúntais as painéil ar a mbíonn daoine atá ag feitheamh le postanna.

Sa chás seo, bhí na múinteoirí ar fad a bhí ar an bpainéal den tuairim iad féin nach raibh dóthain Gaeilge acu le dul ag múineadh i scoil Ghaeltachta.

Mar thoradh ar an imscrúdú ar an gcás, chinn sé gur sárú a bhí sa chóras seo ar fhoráil san Acht Oideachais 1998 a éilíonn go gcaithfidh an Roinn “cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail i limistéir Ghaeltachta”.

Dúirt an Coimisinéir Teanga ag an am, Seán Ó Cuirreáin, gur “deargamaidí” é a mhaíomh go bhféadfadh duine múineadh trí Ghaeilge i scoil Ghaeltachta gan líofacht mhaith i nGaeilge a bheith aige agus “gur léir don saol mór nach bhfuil líofacht mhaith i nGaeilge ag gach bunmhúinteoir cláraithe sa tír”.

Dúirt sé freisin “gur bhocht an scéal é go mbeadh múinteoir ceaptha i scoil Ghaeltachta a bhí ag múineadh trí Ghaeilge agus go raibh cumas níos fearr sa teanga sin ag daltaí na scoile ná ag an múinteoir féin”.

Bhí deis ag an Roinn athchomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte in aghaidh chinneadh an Choimisinéara, deis nár ghlac siad leis. Ó tharla nár chuir an Roinn moltaí an Choimisinéara i bhfeidhm ach an oiread, chinn an Coimisinéir, Rónán Ó Domhnaill, tuarascáil speisialta faoin gcás a leagan os comhair Thithe an Oireachtais.

Scéal ó www.tuairisc.ie