Méid an Téacs

Uachtarán na hÉireann ag labhairt ar oideachas lán-Ghaeilge

Meitheamh 27, 2016

Bhí cóisir ar siúl in Áras an Uachtaráin Dé hAoine chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge agus a bhfuil bainte amach ag pobal na teanga. Labhair an tUachtarán go paiseanta faoin oideachas lán-Ghaeilge, a cuid buanna agus an t-éileamh ollmhór ar scoileanna lán-Ghaeilge. Luaigh sé freisin an dúshlán atá ann scoileanna úra a bhunú sa gcóras reatha.

“Tugaim cuairt go minic ar ghaelscoileanna fud fad na tíre. Ní chuireann sé iontas ar bith orm go bhfuil borradh chomh mór sin tagtha ar líon na nGaelscoileanna nuair a fheiceann tú cé chomh h-éasca is a théann páistí óga i ngleic leis an teanga. Tuigimid uile na buntáistí a théann leis an il-teangachas agus tá méadú ollmhór tagtha ar líon na dtuismitheoir atá ag lorg bhua an dátheangachais, ar a laghad, dá bpáistí.

Is léir go bhfuil éileamh anois ar bhreis meánscoileanna chun go mbeidh deis ag na daltaí bunscoile seo leanacht leo lena gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, agus is ceart agus is cóir go mbeadh an deis sin acu. Tá a fhios agam go bhfuil feachtais ar bun le hiar-bhunscoileanna Gaeilge a bhunú i bPort Laoise, i mBaile an Chollaigh, Corcaigh; i mBaile Átha Cliath 15, i gCill Dara Thuaidh; i gConamara; i Sligeach agus i dTuaisceart Chathair Chorcaí.

Tuigim go bhfuil fadhbanna fós acu siúd atá ag déanamh gach iarracht scoileanna a bhunú chun an éileamh seo a shásamh. Tá an cheist chéanna pléite agam leis an Taoiseach le déanaí, agus d’fhiosraigh mé an bhfuil slite chun na bacanna seo a bhaint ó iarrachtaí phobail éagsúla meánscolaíocht a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cé nach bhfuil ról agam féin i gcúrsaí polasaithe oideachais, déarfainn gur easnamh faoi leith é munar féidir leis an Stát oideachas a chur ar fáil trí theanga oifigiúil na tíre.”

Uachtarán