Méid an Téacs

Muinteoir Ranga á earcú ag Gaelscoil Uileog de Búrca

Lúnasa 8, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil Uileog de Búrca don bhliain seo chugainn. Conradh buan atá i gceist. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i nGaelscoil Uileog de Búrca. Cé gur post do mhúinteoir ranga atá i gceist, d’fhéadfadh seo athrú amach anseo.

Caithfear litir iarratais mar aon le reifreann, cv, foirm iarratais do mhúinteoirí agus cóip de cháilíochtaí agus gráid an t-iarrthóir a sheoladh sa phost chuig Gaelscoil Uileog de Búrca, Lochán na mBan, Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo. Caithfear “Iarratas” a scríobh ar an gclúdach.

Tá sé riachtanach go bhfuil árd-chaighdeán sa Ghaeilge labhartha agus scríofa ag múinteoirí na scoile agus glacfar le hiarratais trí Ghaeilge amháin.

Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an dara lá fichead lá de mhí Lúnasa.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/90835.