Méid an Téacs

Post-roinnt, Gaelscoil Cholmcille, Baile Átha Cliath

Bealtaine 10, 2016

Tá múinteoir buan i nGaelscoil i dtuaisceart na cathrach ag cuartú múinteoir eile chun post roinnt a dhéanamh don scoilbhliain 2016/2017. An bord bainistíochta sásta leis an iarratas ach faraor níl éinne sa scoil faoi láthair atá in ann é a roinnt faoi láthair. Post tacaíochta foghlama atá i gceist. Gaeilge, dar ndóigh, riachtanach agus taithí le tacaíochta foghlama nó gánna speisialta roghnaithe. Má tá éinne sa chomharsanacht gaelscoileanna le suim nó sa chás céanna le do thoil téigh i dteangmháil leis an múinteoir Neasa Ní Aoláin trí ríomhphost muinteoir.neasa@gmail.com nó leis an scoil Gaelscoil Cholmcille ag fón 01-8940440.