Rang Damhsa Saor in Aisce!
Bealtaine 3, 2017
An bhfuil tú os cionn 50 bliain d’aois? Ar mhaith leat triail a bhaint as rud nua? Tar chuig ceardlann damhsa agus cóiréagrafaíochta ó 13:30-15:30 amárach, Déardaoin 4 Bealtaine sa DanceHouse, Sr. Uí Fhoghlú, Baile Átha Cliath 1! Tá an ceardlann seo, a bheidh faoi stiúir ag an gcóiréagrafaí cáiliúil Ríonach Ní Néill, saor in aisce. Ní gá duit ach éadaigh compordach a chaitheamh agus grianghraf díot féin, ag pé aois agus pé am i do shaol a shocraíonn tú féin, a thabhairt leat ann!
Agus tugtar cuireadh duit freisin teacht chug seoladh an ghearrscannáin le Ríonach ‘I Modh Rúin’, faoi mhná a thóg a gcuid gasúir le Gaeilge sna 60aidí, 70aidí agus 80aidí, san áit ceanna ag 6:30pm!