Méid an Téacs

Rialacha Nua Iontrála ina Bhagairt ar an Ghaelscolaíocht

Meith 10, 2013

Is fada daoine i saol na Gaeilge ag magadh faoin Ghaelscoilis, an ghibiris bhriotach úd a bhíonn á labhairt ag daltaí Ghaelscoileanna fud fad na tíre. Ar ndóigh bhí a theanga ina phluic ag an scríbhneoir Liam Ó Muirthile nuair a bhaist sé an t-ainm sin air mar níl aon cheist ach go bhfuil ag éirigh thar cionn leis an chóras Gaelscolaíochta cumas i bhfad níos láidre sa teanga a thabhairt dá scoláirí ná mar a bheadh acu i scoileanna lán-Bhéarla. Níl aon cheist ach an oiread gur chéim mhór ar gcúl a bheas ann do chaighdeán na Gaeilge labhartha sna scoileanna seo má chuirfear na rialacha úra iontrála do scoileanna atá beartaithe ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, i bhfeidhm.

Déanfar leithcheal ar mhórán bealaí ar dhaoine atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge má leanfar leis an chéad dréacht de na rialacha nua seo. Ní bheidh Gaelcholáistí ábalta, mar shampla, tosaíocht a thabhairt feasta ins an chóras iontrála do dhaltaí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna friothálacha lán-Ghaeilge. Ina áit sin, beidh orthu glacadh le scoláirí ar bhonn tíreolaíochta.

I bhfocail eile, ní gá go dtabharfadh freastal ar bhunscoil lán-Ghaelach buntáiste iontrála do dhalta le hais an té a d’fhreastail ar bhunscoil Bhéarla ach a bhfuil cónaí air sa cheantar máguaird. Is ceart a rá go bhfeidhmeoidh na réamhchoinníollacha seo i gcás na bunscolaíochta fosta agus tá tuismitheoirí a chuireann a gcuid páistí go naíonraí lán-Ghaeilge buartha chomh maith céanna nach mbeidh áit sa Ghaelscoil ar fáil dóibh. Ní bheidh de thoradh ar an riail sheafóideach seo ach creimeadh ar chaighdeán na Gaeilge i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí na tíre.

Cothroime don Aonteangachas Bhéarla

Murab ionann is na ceantair Ghaeltachta, is iondúil go mbíonn pobaltheanga na gcathracha agus na mbailte móra scoite amach óna chéile. De thairbhe é sin, thiocfadh go mbeadh daltaí ag taisteal ó chian agus ó chóngar le freastal ar Ghaelscoil. Anuas ar sin, níl aon chinnteacht ann go mbeidh an Ghaelscoil sin in achomaireacht scread asail don Ghaelcholáiste. An bhfuil an baol ann mar sin nach gceadófar do pháistí leanstan lena gcuid scolaíochta lán-Ghaeilge mar nach bhfuil cónaí orthu laistigh d’achar faoi leith?

Dealraítear go gcuirfear deireadh fosta leis an riail go dtugtar tús áite do pháistí iarscoláirí na nGaelcholáistí sa chóras iontrála. Ní gá gur drochrud é sin mar gur iomaí iardhalta a bhaineann mí-úsáid as an bhuntáiste seo agus nach gcuireann a gcuid páistí go bunscoil lán-Ghaelach siocair fios maith a bheith acu go mbeidh tearmann ar fáil faoin seancharbhat scoile. Níl tosaíocht tuillte ag a leithéid, dar liom, ach is dócha ná a mhalairt go nglacfar le cionmhéid an-teoranta daltaí ar an bhealach seo feasta.

Tuigim fosta cad tuige go mbeadh an tAire Quinn ag iarraidh deireadh a chur leis an nós go dtugtar buntáiste iontrála do dhalta a bhfuil a chuid deartháireacha nó deirfiúracha ag freastal ar an Ghaelcholáiste. Ar ndóigh tá a leithéid leatromach ar theaghlaigh le páiste aonair nó go deimhin ar an pháiste is sine i dteaghlach. Ach bheadh sé áiféiseach dá mbeadh páistí i dteaghlach ag fáil a gcuid oideachais i scoileanna éagsúla siocair gur séanadh áit sa Ghaelcholáiste ar bhall amháin den teaghlach. Óir is mian le chóir a bheith achan tuismitheoir go bhfaighfeadh a dteaghlach a gcuid scolaíochta ar an aon láthair amháin.

Ní Fál go hAer Fós É

Is dócha, áfach, gurb é an moladh is tromchúisí atá ag an Aire Quinn ná nach mbeifear in ann idirdhealú dearfach a dhéanamh a thuilleadh i leith daltaí atá á dtógáil le Gaeilge. Ní cheadófar feasta tosaíocht a thabhairt do dhaltaí ar an bhonn go bhfuil a dtuismitheoirí inniúil ar an Ghaeilge. Bhí sé de nós ag roinnt scoileanna lán-Ghaeilge réamhagallamh a chur ar iarratasóirí lena chinntiú go raibh an caighdeán cuí acu. Déarfadh lucht a cháinte go ndéanann a leithéid de chleachtas éagóir ar dhaltaí nach bhfuil neart acu ar pheacaí a sinsir. Ach is le croí mór maith a nítear na hagallaimh seo lena chinntiú go bhfuil ar a laghad smeadar Ghaeilge sa teaghlach, ach is cinnte go dtiocfaidh deireadh leo anois.

Níor mhiste a rá, áfach, nach bhfuil aon ní greanta i gcloich go fóill agus tá neart ama ag na heagrais Ghaeilge agus ag tuismitheoirí gur cás leo an t-oideachas lán-Ghaeilge a chur ina luí ar an Aire Quinn agus ar a gcuid iondaithe tofa go bhfuil a mhalairt de shlí ann. Ar an rud is lú ba cheart a éileamh go ndéanfaí eisceacht de na Gaelcholáistí i leith an riail nach dtig tosaíocht a thabhairt do scoláirí a fhreastalaíonn ar scoileanna friothálacha sa chóras iontrála. Sa chomhthéacs sin, níor mhiste a chuimhneamh gur ceadmhach go fóill idirdhealú a dhéanamh de réir sainmheon creidimh. Tá deis ann go fóill mar sin maolú a dhéanamh ar an chuid is déine de mholtaí an Aire i leith na Gaelscolaíochta. Gan sin déanfar dochar as cuimse do chaighdeán labhartha na Gaeilge sna Gaelcholáistí.

Caingean Saibhseála a Thionscnamh

Ar ndóigh má theipeann ar an fheachtasaíocht, b’fhéidir gur fiú a bheith ag machnamh ar chaingean saibhseála a thionscnamh. D’fhéadfadh sé seo tarlú má dhiúltaítear áit i nGaelcholáiste do dhalta a bhfuil Gaeilge aige. É sin nó go dtiocfadh le heagrais Ghaeilge ar nós Gaelscoileanna nó an Foras Pátrúnachta a bhfuil locus standi – nó leas acu san ábhar – caingean saibhseála a ghlacadh. Tharla a leithéid cheana i gcás John Stokes, gasúr de bhunadh an lucht siúil a mhaígh go ndearna an dúnghaois iontrála a bhí i bhfeidhm meánscoil i gCluain Meala, Co. Thiobraid Árann, leithcheal air. Ins an chás sin, chaith an Chúirt Chuarda amhras i dtaobh tosaíocht a bheith ag páistí de chuid iarscoláirí, ach nuair a deineadh achomhrac chun na hArd-Chúirte rialaíodh go raibh de chumhacht ag an scoil idirdhealú den chineál sin a chur i réim ina dúnghaois iontrála.

Ach b’fhéidir go mbeadh faoiseamh le fáil ag lucht na Gaeilge i gCúirteanna na hEorpa. Rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i mBealtaine na bliana 2001 gur sháraigh an Tuirc an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine cionn is go ndearna siad leithcheal ar chearta oideachais phobalteanga ins an chuid sin den Chipir atá faoi sheilbh na Tuirce. Rialaíodh nach raibh soláthar meánscolaíochta cuí déanta do Chipirigh Ghréigeacha a bhí ina gcónaí i dTuaisceart na Cipire agus a fuair a gcuid bunoideachais ina dteanga féin. An bhféadfadh go bhfuil fasach i gcás dlí na hEorpa a bhainfeas tuisle as moltaí an Aire Oideachais?

Breandán Delap

www.beo.ie