Méid an Téacs

Sárscoil Fíbín don Idirbhliain ag tosú i mí Feabhra 2017!

Eanáir 19, 2017

An bhfuil aon suim ag do ghrúpa Idirbhliana teacht go Conamara ar ghearrchúrsa i mí Feabhra/Márta? Beidh an chéad Sárscoil Fíbín don Idirbhliain á rith i gConamara ón 27 Feabhra-1 Márta 2017 agus an dara cúrsa ón 1-3 Márta agus tá muid sa tóir ar scoileanna a mbeadh spéis acu tabhairt faoin scéim píolótach seo.

Fuair Sárscoil Fíbín iarratais ó chomhordaitheoirí Idirbhliana le cúpla bliain anuas a leithéid de chúrsa a rith mar sin tá muid chun géilleadh an bhliain seo. Costas €100 in aghaidh an scoláire atá i gceist a chlúdaíonn lóistín, bia, na ceardlanna srl. Gearrchúrsa 2 lá go leith atá i gceist Luan-Céadaoin nó Céadaoin-Aoine i nGaeltacht Chonamara.

Beidh ceardlann faoi thaifeadadh ar fhón póca, Ceol & Amhráin Nuachumtha, Charades/Drámaíocht bunaithe ar an tSraith Pictiúir don Ardteist, Siúlóid Dúlra & Oidhreachta, Aisteoireacht ar radhairc ón scrúdú béil…..agus go leor craic agus spraoi ar an ngearrchúrsa seo i gConamara.

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig www.sarscoilfibin.ie nó seol ríomhphost chuig sarscoilfibin@gmail.com

Sárscoil Fíbín don Idirbhliain