Méid an Téacs

‘Cuireadh Chun Cainte’ ar fud na tíre!

Deireadh Fómhair 5, 2011

‘Cuireadh Chun Cainte’ ar fud na tíre!

Cuireadh cóip den DVD ‘Cuireadh Chun Cainte’ chuig gach scoil sna 26 contae an tseachtain seo caite, agus sna seachtainí romhainn, cuirfear sraith de sheimineár ar fáil do bhaill Chomhar na Múinteoirí Gaeilge chun iad a chur ar an eolas faoi na bealaí is fearr leas a bhaint as an DVD mar áis teagaisc.

Treoir phraiticiúil ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge atá sa chlár ‘Cuireadh Chun Cainte,’ atá curtha i láthair ag Marcus Lamb, dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoi Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta ó 2012 ar aghaidh.

Beidh dúshlán ag baint leis an siollabas nua a thiocfaidh i bhfeidhm don Ardteistiméireacht sa bhliain 2012.  Scrúdú comónta don Ghnáthleibhéal agus don Ardleibhéal a bheidh ann agus beidh sé dúshlánach freastal ar riachtanais daltaí ag gach leibhéal cumais. Ó 2012 ar aghaidh, beidh 40% de mharcanna ag brath ar an mbéaltriail leasaithe agus beidh na marcanna seo le gnóthú i dtréimhse ghairid ama, a mhairfidh thart ar 15 nóiméad.

Tá ceithre mhír sa bhéaltriail: Fáiltiú, Léamh na Filíochta, Cur síos ar Shraith Pictiúr agus Comhrá.  Tugann an DVD seo eolas duit ar gach mír den bhéaltriail chomónta do dhaltaí atá ag tabhairt faoin ngnáthleibhéal nó faoin ardleibhéal.

Tugann an clár seo léargas do mhúinteoirí agus do dhaltaí ar cad le bheith ag súil leis sa scrúdú agus cén struchtúr a bheidh air. Cuirfidh an ghné seo na daltaí ar a suaimhneas agus iad ag ullmhú don scrúdú.  Tá an clár seo oiriúnach do dhaltaí ag gach leibhéal cumais mar go mbeidh comhairle phraiticiúil ann maidir le conas na botúin choitianta a sheachaint agus le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis an scrúdaitheoir.  Tá cuid den chlár dírithe ar dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu le cuidiú leo cur lena líofacht, lena stór focal agus lena scileanna cumarsáide roimh an scrúdú.

Tá lámhleabhar, agus cártaí sracfhéachana ar fáil ar an DVD mar chúnamh do mhúinteoirí agus do dhaltaí, chomh maith le taifead den láithreoir, Marcus Lamb ag léamh na ndánta. Is féidir na hábhair a phriontáil ón DVD féin, nó a íoslódáil ó www.gaelport.com/cuireadhchuncainte.

Tá an pacáiste teagaisc seo oiriúnach do mhúinteoirí agus do dhaltaí araon agus tá sé feiliúnach do scoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht, Gaelcholáistí agus scoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc iontu.

Chuir ionadaithe ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge seimineár ar fáil do mhúinteoirí Chorcaí an tseachtain seo caite maidir le Béaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta, agus sna seachtainí romhainn díreofar ar Phort Laoise (04 Deireadh Fómhair), Cora Droma Rúisc (11 Deireadh Fómhair), Sligeach (13 Deireadh Fómhair), Luimneach (27 Deireadh Fómhair), Cill Airne (04 Samhain) agus Má Nuad (11 Samhain).

Tá gach eolas ar fáil faoi amanna agus ionaid na seimineár thuas ach glaoch ar Saffron Rosenstock, 01 6398448.

Chuir An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Foras na Gaeilge, agus Líonra Proifisiúnta Múinteoirí maoiniú ar fáil don áis teagaisc ‘Cuireadh Chun Cainte’.

©Foilsithe ar Gaelport.com