Méid an Téacs

90% sna Torthaí GCSE do dhaltaí Choláiste Feirste

Lúnasa 24, 2012

Tá Coláiste Feirste, an t-aon iarbhunscoil lánGhaeilge sna sé chontae, i ndiaidh an treocht i dtreo ísliú grádanna scrúduithe i scoileanna an tuaiscirt a shárú.  Bhain 90% de na daltaí an tagarmharc de 5 nó níos mó GCSE amach i mbliana.  Tá ardú suntasach fosta i líon na ndaltaí a ghnóthaigh grádanna A* agus A i réimse leathan ábhar.  Ní bhfuair dalta ar bith níos lú ná 4 GCSE agus fuair cuid acu na barrghráid i 10 n-ábhar GCSE.  Beidh tromlach mór na ndaltaí seo ag pilleadh ar an scoil an tseachtain seo chugainn chun tabhairt faoin staidéar sa Séú Foirm.

Dúirt Pádraig Mac Cathail, Ceann Bliana ar an ghrúpa daltaí seo, “Thar cheann fhoireann Eocharchéim 4 ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis na daltaí agus a dtuismitheoirí ar na gráid iontacha atá bainte amach acu.  Ba mhór an pleisiúr dúinn bheith ag obair leis na Gaeil óga seo le dhá bhliain anuas.  Ní amháin gur daltaí den scoth iad ach is daoine óga den chéad scoth iad atá i ndiaidh forbairt agus fás mar dhaoine aibí agus mar Ghaeil.  Is iontach an lá é seo don scoilphobal s’againne.”

Bhí torthaí iontacha ag go leor daltaí áirithe.  D’éirigh le Déaglán Mac Conmhaoil agus Nuala Meascaigh 10 ngrád A* nó A a bhaint amach.  Bhí ráta pás 100% ag an Eolaíocht, an Fhraincis, an Drámaíocht, Staidéir Mhótar-Feithicil, Cúram Sláinte Sóisialta agus Tíreolaíocht.  D’éirigh le Roinn na Matamaitice an ráta pas a mhéadú faoi dhó – éacht nach beag agus an Mhata mar mhór-sprioc forbartha i scoileanna Bhéal Feirste.

Rinne Príomhoide na scoile Micheál Mac Giolla Ghunna comhghairdeas le daltaí, tuismitheoirí agus foireann na scoile.  “Leanann na torthaí seo na gráid iontacha a fuair daltaí Ardléibhéil an tseachtain seo caite.  Léiríonn siad díograis agus dícheall  na múinteoirí agus na ndaltaí le 5 bliana anuas.  Ba mhaith liom an deis seo a thapú fosta le haitheantas a thabhairt do mhúinteoirí na mbunscoileanna a thug dúshraith den scothoideachas do na daltaí seo gur féidir linne anseo i gColáiste Feirste cur leis chun barrfheabhas a bhaint amach.  Chuir muid plean feabhsaithe i bhfeidhm tamall de bhlianta ó shin agus is é príomhaidhm s’againn go mbainfidh gach dalta lán a n-acmhainneachta féin amach.  Tá foireann iontach againn ag Eocharchéim 4 atá ag cur an phlean sin i bhfeidhm, idir mhúinteoirí agus cheannairí, agus is léir go bhfuil rath as cuimse ar a gcuid díograis.  Tá dream eile de Ghaeil óga éirimiúla sároilte cothaithe againn do phobal na Gaeilge agus do phobal na cathrach seo.

“I ndiaidh scór bliain ar an tsaol tá Coláiste Feirste faoi lánbhláth anois.  Is léir go bhfuil ciall agus ceart le cinneadh Roinn an Oideachais le déanaí £11.9 milliún a infheistiú sa suíomh s’againne.  Le foirgneamh agus áiseanna spóirt úrscothacha is cinnte go mbeimid ag tógáil ar rath na scoile ar na blianta atá le teacht.”