Méid an Téacs

Ábhar muiníne fós le tabhairt do mhuintir na Gaeilge

Márta 11, 2014

Cé gur tháinig an tAire Stáit os comhair dhá choiste Oireachtais le seachtain anuas is beag an soiléiriú ná ábhar muiníne a tugadh do phobal na Gaeilge i dtaca leis an gcaoi a gcaitear leis an teanga ag leibhéal an Stáit.

Dé Céadaoin na seachtaine seo caite tionóladh Cruinniú den Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha. I láthair an chruinnithe bhí an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta , Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., a bhí ag freagairt ceisteanna a d’eascair as Tuarascáil 2012 an Choimsinéara Teanga agus an t-astitim ó fhógra éirí as Sheáin Uí Chuirreáin. An lá dár gcionn, d’fhreastail an tAire Stáit ar chruinniú den Fhochoiste Oireachtais um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara áit a raibh an t-ábhar céanna á phlé mar aon le neart nithe Straitéise eile.

Comhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha

Agus é ag ceistiú an Aire Stáit, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, maidir le cúrsaí scéimeanna teanga, d’iarr an Teachta Peadar Tóibín, Sinn Féin, an aontaíonn an tAire go bhfuil comhlachtaí poiblí nach bhfuil scéim teanga i bhfeidhm acu ag sárú an dlí. D’áitigh Tóibín gurb é an cás de bharr nach bhfuil dualgais reachtúla na gcomhlachtaí sin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á gcomhlíonadh acu. Ag freagairt dó dúirt an tAire Stáit nár aontaigh sé leis an ráiteas agus go bhfuil forálacha san Acht Teanga a chuireann dualgais faoi leith ar chomhlachtaí poiblí nach bhfuil scéimeanna acu.

Thuairiscigh an tAire Stáit go bhfuil dul chun cinn déanta le bliain anuas i leith líon na scéimeanna a ndaingnítear. Chuir sé in iúl gur daingníodh 16 scéimeanna úra le linn 2013, agus go bhfuil 6 scéim úr daingnithe cheana féin in 2014. Dar leis an Aire Stáit gur próiseas casta, dúshlánach é córas na scéimeanna teanga agus go bhfuil céimeanna dearfacha le tógáil ag an Roinn mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, ina n-áirítear acmhainní breise foirne sa Roinn le díriú ar an riaráiste reatha, teimpléad a chur in áit le scéimeanna a chaighdeánú agus leasuithe reachtúla a chur in áit maidir leis an gcóras ar fad.

Ag tagairt don dul chun cinn, mhaígh an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin, nach bhfuil gníomh ar bith á ghlacadh ag an Roinn chun déileáil le 75% de scéimeanna teanga atá imithe in éag. Meabhraíodh don Chomhchoiste go bhfuil scéim teanga i bhfeidhm i 165 as 600 comhlachtaí poiblí agus ba é meastachán Uí Chlochartaigh go dtógfaidh sé 40 bliain ar an Roinn Gaeltachta scéim teanga a chur i bhfeidhm i ngach comhlacht poiblí a ainmnítear san Acht Teanga má leantar leis an gcur chuige reatha.

De réir comhairle dlí a tugadh don Roinn dar leis an Áire Stáit, ní ann do scéimeanna éagtha mar gheall go maítear in Alt 14 (3)d’Acht na dTeangacha go bhfanann scéim teanga i bhfeidhm go dtí go ndaingnítear scéim nua ina háit. Thug an tAire Stáit le fios go bhfuil a Roinn freagrach as cúrsaí scéimeanna teanga amháin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus is le hOifig an Choimisinéara Teanga a bhaineann gach ní eile.

Tuairiscíodh don Chomhchoiste go bhfuil comhaontú seirbhíse sínithe ag an Roinn Gaeltachta leis an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe ag deimhniú gurb í an Roinn Gaeltachta a bheas i bhfeighil ar chúrsaí oiliúna sa státseirbhís trí chúrsaí Gaelchultúr a reáchtáil.

An Fhochoiste Oireachtais um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara

An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a bhí faoi chaibidil ar an Déardaoin nuair a tháinig an tAire Stáit os comhair an Fhochoiste Oireachtais um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara.

Tar éis don Aire Stáit tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn na Straitéise go dtí seo, dul chun cinn sásúil dar leis agus cúinsí eacnamaíocht reatha na tíre, mhol an Teachta Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil, go ndéanfadh an Fochoiste scrúdú ar an Straitéis leathanach ar leathanach agus na himpleachtaí airgid i gceist leis na bpolasaithe “ar mhaithe le slánú na Gaeilge” dar leis.

Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Ó Cuív, chuir an tAire Stáit in iúl go bhfuil baill foirne de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta gafa le cúrsaí Straitéise, ach dheimhnigh sé nach bhfuil Aonad Straitéise mar atá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag feidhmiú sa Roinn – cúis mhór imní do lucht freastail an chruinnithe.

Ag tagairt don Choiste Rialtais don Ghaeilge, a bhfuil an Taoiseach mar Chathaoirleach, mhol an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go dtabharfaí ról monatóireachta i dtaca le cur i bhfeidhm beartais an Straitéise d’Oifig an Choimisinéara Teanga. Chuir an tAire Stáit in iúl gurb iad an Coiste Rialtais agus na Ranna éagsúla a dhéanann monatóireacht ar chúrsaí Straitéise agus tuairiscíodh go bhfuil tuairisc ullmhaithe ag 11 Roinn go dtí seo maidir leis an Straitéis a fhorbairt, gníomh a bheas á leathnú amach sa státchóras i gcoitinne.

I dtaca leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, cuireadh in iúl le linn an chruinnithe go raibh na Cinn Bhille, atá fos le cur faoi bhráid an Rialtais, feicthe ag lucht an fhreasúra agus ba léir nár shuigh na moltaí go maith leis an dream a bhí i láthair an chruinnithe. Cuireadh in iúl nach bhfuil sna chinn reatha ach moltaí agus dhiúltaigh an tAire Stáit plé a dhéanamh ar ábhar Chinn an Bhille de bharr nach bhfuil plé Oireachtais tarlaithe go fóill ina leith.

I measc na n-ábhar eile a cháin an Fochoiste le linn an chruinnithe bhí scéim na nuachtán, aire sinsearach a bheith i bhfeighil ar chúrsaí Gaeilge agus próiseas cuíchóirithe Earnáil dheonach na Gaeilge.

Mar fhocal scoir, mhaígh an tAire Stáit nach é an comhrialtas reatha a chothaigh na fadhbanna maidir leis an nGaeilge agus gur léiriú de tiomantas don Ghaeilge an chomhrialtais í an infheistíocht shubstaintiúil atá déanta óna bhunú.

Cé gur deineadh mionphlé ar ghnéithí éagsúla den Straitéis idir an tAire Stáit agus baill éagsúla de lucht an fhreasúra, níorbh i láthair an chruinnithe as ballraíocht an Fhochoiste, idir lucht an Rialtais agus an fhreasúra, ach an Seanadóir Labhrás Ó Murchú a bhí ina Chathaoirleach sealadach.

Foilsithe ar Gaelport.com