Méid an Téacs

Acmhainní Múinteoireachta ar Shábháilteacht Idirlín

Márta 8, 2017

Tá roinnt acmhainní múinteoireachta maidir le sábháilteacht Idirlín curtha le chéile ag foireann Webwise. Tá na hacmhainní ar fáil duitse, do do scoil nó do d’eagraíocht saor in aisce. Is féidir iad a úsáid chun cabhrú le daoine óga foghlaim faoin méid a theastaíonn chun na meáin nua a úsáid go sábháilte, go slán agus ar bhealach dearfach. Tá acmhainní breise maidir le sábháilteacht Idirlín ar fáil lena n-íoslódáil ó na leathanaigh Treoirleabhair do Thuismitheoirí agus Beartas Scoile.

Gach acmhainn agus eolas ar fáil ag an nasc seo.