Méid an Téacs

Ag tógáil páistí le Gaeilge

Nollaig 13, 2011

Tá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag tabhairt cuireadh do theaghlaigh atá ag tógáil páistí le Gaeilge agus do pháirtithe leasmhara eile chuig ócáid san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh, Indreabhán, Co. na Gaillimhe Déardaoin 15 Nollaig 2011 ag 8.00pm. “Ag tógáil páistí le Gaeilge” an téama a bheidh faoi chaibidil ag an gcruinniú poiblí.

Tá sé mar aidhm ag an Roinn díospóireacht a spreagadh maidir leis na dúshláin a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge agus moltaí a fháil chun dul i ngleic leis na dúshláin seo.

Tá béim ar leith sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ar an nGaeilge a sheachadadh ó ghlúin go glúin mar theanga an teaghlaigh. Faoin bpróiseas pleanála teanga atá sonraithe sa Straitéis 20 Bliain, beidh tábhacht ar leith ag baint le seirbhísí cuí a bheith ar fáil mar thacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil páistí trí mheán na Gaeilge.

Ba mhaith leis an Roinn an deis a thapú chun labhairt go díreach le tuismitheoirí agus le caomhnóirí maidir leis na bealaí ar féidir leis an Stát cuidiú leo teacht i dtír ar na dúshláin a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge. Is seisiún poiblí atá i gceist leis an gcruinniú le plé a dhéanamh ar an ábhar seo amháin.

Cuirtear fáilte roimh dhaoine a bhfuil spéis acu san ábhar seo agus ar mhaith leo go mbeadh ionchur acu i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Foilsithe ar Gaelport.com