Méid an Téacs

Agóid Ghaelscoil Pheig Sayers

Samhain 19, 2013

An Gaelcholáiste áitiúil ag tabhairt tús áite do lucht na mbunscoileanna Béarla

Baileoidh pobal Ghaelscoil Pheig Sayers ar an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath amárach, Dé Céadaoin, 20 Samhain 2013, ag 12.15pm le hagóid a dhéanamh i gcoinne pholasaí iontrála nua Ghaelcholáiste Mhuire i gCorcaigh.
Beidh an grúpa ag taisteal as Corcaigh chun na príomhchathrach lena chuid míshástachta a chur in iúl d’Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís atá i bhfeighil ar pholasaithe an ghaelcholáiste.
Is é is cúis leis an gconspóid ná go bhfuil deireadh curtha le Gaelscoil Pheig Sayers mar scoil friothálach do Ghaelcholáiste Mhuire. Dar le pobal Ghaelscoil Pheig Sayers, ghlacadh an gaelcholáiste le páistí uile na Gaelscoile roimhe seo ach tá beartaithe ag bainisteoir nua an ghaelcholáiste, ceaptha ag Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís tar éis dóibh deireadh a chuir le bord bainistíochta na scoile, córas dhá shraith a chur i bhfeidhm. Ciallaíonn an cur chuige nua nach mbeidh ach 58 ag tosú sa chéad bhliain mí Meán Fómhair, i gcomparáid le 89 anuraidh, agus deir Gaelscoil Pheig Sayers go bhfuil an bainisteoir nua ag tabhairt tús áite do 4 scoil lán-Bhéarla sa cheantar.
Dúirt Príomhoide Ghaelscoil Pheig Sayers, Adrian Breathnach, “Tá an polasaí seo ag dul i gcoinne an Achta Oideachais 1998 mar ní dheachaigh na hiontaobhaithe chun comhairle a fháil ó thuismitheoirí nuair a bhí siad ag cur an pholasaí le chéile. Chomh maith leis sin ta siad ag tabhairt áiteanna do phaistí ó scoileanna lán-Bhéarla roimh dhaltaí ón ngaelscoil áitiúil rud a chuireann deireadh le traidisiún láidir a bhí idir an gaelscoil agus an gaelcholáiste”.
Beidh an slua ag bailiú taobh amuigh d’Oifig Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís sa Charraig Dhubh, Baile Átha Cliath ag 12.15pm ar Dé Céadaoin, 20 Samhain 2013.

Foilsithe ar Gaelport.com