Méid an Téacs

Aimsigh agus labhair le Gaeilgeoirí ar fud na cruinne ar do ghuthán cliste

Bealtaine 28, 2013

‘Tá an réabhlóid anseo’ is ea an mana atá in úsáid san fheachtas don aip d’fhóin cliste ‘Anseo’ a chuireann ar chumas chainteoirí Gaeilge teagmháil a dhéanamh lena chéile ar bhealach cuimsitheach, láithreach.

Is í an aidhm atá ag an aip seo atá forbartha ag Diaga Teo ná pobal na Gaeilge a mhéadú agus nasc a chruthú idir Ghaeilgeoirí i ceantair éagsúla. Táthar ag súil go n-athrófar an chaoi ina n-úsáidtear an teanga ar bhonn sóisialta.

Ar dtús is gá próifíl a shocrú, a chuireann eolas ar fáil maidir leis an suíomh ina bhfuil tú. Ansin, lorgóidh an aip an Gaeilgeoir is cóngaraí a bhfuil próifíl socraithe aige chomh maith. Is féidir breathnú ar phróifíl an duine nó teachtaireacht a sheoladh chuige le coinne a dhéanamh le casadh le chéile ar bhealach fíor-áisiúil.

Cuidíonn an aip le húsáideoirí á ngnóthaí laethúla a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus sa tslí gur féidir teacht ar ghnólachtaí a chuireann seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge chomh maith. Tá gné shóisialta eile ag baint leis an aip sa chaoi ar féidir teacht ar imeachtaí Gaeilge ar nós ranganna Gaeilge, ceolchoirmeacha, clubanna cultúrtha agus neart eile ar an léarscáil idirghníomhach.

Is í seo an uirlis theagmhála is mó forbartha dá bhfuil ann faoi láthair le pobal na Gaeilge a nascadh le chéile agus is cinnte go méadófar ciorcail shóisialta ar fud an domhain amach anseo le cuidiú na haipe.

Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil agus le próifíl a shocrú, téigh chuig http://anseoapp.com/ie.

Foilsithe ar Gaelport.com