Méid an Téacs

An chéad chlár raidió Gaeilge ó Nua Eabhrac le tosnú ar Raidió na Life!

Márta 18, 2014

Tá ríméad ar Raidió na Life, stáisiún a bhris mórán múnlaí i gcraoltóireacht na Gaeilge thar na blianta, a fhógairt go mbeidh tús á chur leis an gcéad chlár raidió trí Ghaeilge ón Úll Mór, Nua Eabhrac mar chuid de chlársceideal speisialta an stáisiúin le linn Sheachtain na Gaeilge 2014. Clár nua míosúil ó Chathair Nua Eabhraic is ea ‘Amharc as Nua Eabhrac’ atá á léiriú agus á chur i láthair ag an Ollamh Brian Ó Broin ó Ollscoil William Paterson i New Jersey. Clár spraoiúil irise is ea seo ina bpléann Brian agus a chuid aíonna cúrsaí Nua Eabhraic, Mheiriceá agus an domhain. Taifeadtar an clár ó am go chéile in ionaid éagsúla timpeall Chathair Nua Eabhraic. Craolfar an chéad eagrán den chlár uathúil is eisiach seo le linn Sheachtain na Gaeilge ar an Aoine 14ú Márta, ag a 8:00 i.n. ar 106.4FM in Áth Cliath agus ar fud an domhain ar www.raidionalife.ie. Beidh an clár ar fáil mar phodchraoladh freisin.

Fógraíodh le déanaí go bhfuil Raidió naLife ainmnithe ar ghearrliosta ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ ag Féile na Meán Ceilteach 2014, a tharlóidh i gCorn na Breataine idir an 2ú – 4ú Aibreán. Tá RnaL ar bís a bheith ainmnithe arís tar éis an gradam céanna a bhuachaint ag Féile na Meán Ceilteach anuraidh, an chéad uair i stair 34 bliain na féile gur thug stáisiún raidió pobail an duais mhór leo.