Méid an Téacs

An Coiste Rialtais ar an nGaeilge cáinte ag an bhfreasúra

Samhain 26, 2013

Níor tháinig an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht le chéile ach faoi dhó le bliain anuas.

Rinneadh an Coiste Rialtais, a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air, a cháineadh go géar sa Dáil le linn phlé ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an tseachtain seo.

Ag freagairt cheisteanna a d’ardaigh Micheál Martin TD (Fianna Fail), Gerry Adams TD (Sinn Féin) agus Joe Higgins TD (Páirtí Sóisialach), chuir an Taoiseach Enda Kenny in iúl nár tionóladh ach dhá chruinniú le bliain anuas den Choiste Rialtais ar an nGaeilge a bunaíodh le maoirseachta a dhéanamh ar dhul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Seoladh an Straitéis i 2010 leis an mór sprioc chun líon na gcainteoirí Gaeilge laethúil lasmuigh den chóras oideachais a ardú ó 83,000 duine go dtí 250,000 duine thar thréimhse 20 bliain. Leagtar amach naoi réimse gnímh sa Straitéis, ina measc tá cúrsaí oideachais, An Ghaeltacht, An Teaghlach (Idirghabháil go luath), Riarachán, Seirbhísí agus Pobal, Na Meáin agus an Teicneolaíocht, Foclóirí, Reachtaíocht agus Stádas, Saol Eacnamaíochta agus Tionscnaimh Leathana.

Léirigh pobal na Gaeilge an-mhíshástacht mí Iúil na bliana seo nuair a d’fhoilsigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta tuarascáil ar dhul chun cinn na Straitéise. Ó shin tá beartaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta deireadh a chur le maoiniú Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. ó mhí na Nollag na bliana seo agus tá fógartha ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go dtiocfaidh deireadh leis an gcóras a thugann marcanna bónais dóibh siúd a thugann faoi scrúduithe earcaíochta an státchórais trí Ghaeilge.

Chuir an Taoiseach in iúl gur tugadh €500,000 i dtaca leis an Straitéis mar chuid den cháinaisnéis i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo agus go bhfuil an tAire Stáit don Ghaeltacht Dinny McGinley ag taistil mórthimpeall Ghaeltachtaí na tíre gach seachtain i leith chur i bhfeidhm polasaithe an Rialtais.

Cháin an freasúra beartais agus ciorruithe úra an Rialtais le linn an phlé mar aon leis an athrú a chuireadh i bhfeidhm ar chur chuige agus ar phróiseas roghnúcháin Bhord Údarás na Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus tuairisc an Phríomhchigire a foilsíodh an mhí seo caite ina n-aithnítear bearnaí suntasacha i bhfoghlaim agus i múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais.

©Foilsithe ar Gaelport.com 22 Samhain 2013