Méid an Téacs

An Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán á thairiscint ag Gaelchultúr arís

Iúil 8, 2014

Tá áthas ar Choláiste na hÉireann/Gaelchultúr (www.gaelchultur.com) a fhógairt go mbeidh an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, an chéad chúrsa iarchéime de chuid na hinstitiúide, á thairiscint den dara huair ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh.

I mí Iúil anuraidh a bhronn an comhlacht rialtais Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI, nó HETAC mar a bhí) an stádas mar institiúid tríú leibhéal ar Ghaelchultúr agus roghnaigh an chuideachta Coláiste na hÉireann mar ainm don tionscadal nua.

Cuireadh tús leis an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2013 agus tá aon mhac léinn déag ina bhun faoi láthair.

Tá an Dioplóma ag leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí agus maireann sé trí sheimeastar ar fad. Tá sé dírithe orthu siúd a bhfuil cumas maith sa Ghaeilge acu cheana féin ach ar mhaith leo scileanna aistriúcháin a fhoghlaim nó cur lena scileanna sa réimse sin. Tá sé oiriúnach chomh maith do dhaoine a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge ar bhonn laethúil – múinteoirí agus iriseoirí, mar shampla – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge. Rachaidh an cúrsa chun sochair freisin dóibhsean ar spéis leo post a bhaint amach mar aistritheoir, riarthóir nó dlítheangeolaí in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh.

Bíonn léachtaí agus ranganna teagaisc an chúrsa ar siúl Satharn amháin sa mhí i gceanncheathrú Choláiste na hÉireann/Ghaelchultúir i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Tá go leor d’ábhar an chúrsa le fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, agus dá bhrí sin is féidir le daoine as gach cearn den tír tabhairt faoin gclár (tá mac léinn as Toraigh agus mac léinn as Gaeltacht Chiarraí sa ghrúpa atá á dhéanamh faoi láthair, mar shampla).

Beidh seisiúin eolais maidir leis an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán ar siúl i gColáiste na hÉireann/Gaelchultúr, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2 ag na hamanna agus ar na dátaí seo a leanas:

6.00–7.00pm, Dé Máirt, 26 Lúnasa 2014

12.00–1.00pm, Dé Sathairn, 30 Lúnasa 2014

Chun teacht ar thuilleadh eolais faoin Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, mar aon le bróisiúr an chúrsa agus foirm iarratais, téigh go http://gaelchultur.com/iarcheim.aspx. Is féidir teacht ar eolas breise freisin ach glaoch ar (01) 484 5220 nó scríobh chuig eolas@gaelchultur.com.

Is é an spriocdháta d’iarratais ná Dé Máirt, 2 Meán Fómhair 2014.