An Réiltín is Gile – dráma le Fíbín
Nollaig 5, 2013
Tá Réiltín ar ais chun an gig is tabhachtaí dá saol a thabhairt… ’s tá cinneadh le déanamh aici agus í ar chamchuairt.
Gheall siad dúinn go mbeadh ár lá againn
Bhí siad cinnte nach mbeadh deireadh leis
Gur linne an domhan
Tar éis gur díoladh amach camchuairt náisiúnta leo, tá Fíbín ar ais le seó úrnua, Réiltín, le Clíona Ní Chiosáin sa phríomhról. Tá Fíbín ag obair i gcomhar leis an scríbhneoir agus stiúrthóir Paul Mercier a scríobh Sétanta.
Is í Clíona Ní Cliosáin atá ag tabhairt faoin bpríomhról dúshlánach ‘Réiltín’. Le déanaí, bhí Clíona sa phríomhról i léiriúchán eile de chuid Fíbín An Triail agus tá aithne ag gach duine uirthi mar Aifric ón tsraith teilifíse den ainm céanna. “Tá mé iontach bródúil go bhfuil mé ag obair ar thogra nua le Paul. Is dóigh liom gur rud an-speisialta atá ann go h-áirithe mar nach bhfuil aon rud cosúil leis déanta trí mheán na Gaeilge.”
Tá cáil ar Fhíbín as an leas a bhaineann siad as teicnicí samhlaíocha, fís agus ceol tarraingteach i measc gnéithe eile agus tá an stíl seo le feiscint i Réiltín freisin. Tá an ceol ar cheann de phríomhghnéithe an léiriúcháin seo, ceol atá cumtha go speisialta ag Simon Noble. Seo an méid a bhí le rá ag an Stiúrthóir Bainistíochta, Darach Ó Tuairisg ina thaobh, “Tá ríméad orainn a bheith ag obair ar an léiriúchán spreagúil, fuinniúil seo le foireann iontach mar atá Paul, Clíona, agus Simon. Tá muid ag iarraidh teorainneacha na drámaíochta a iniúchadh leis an seó nua seo”.
Is é Reiltín an seó deiridh atá á léiriú ag Fíbín i mbliana, comhlacht drámaíochta atá ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód i 2013. Bliain iontach don chomhlacht ab ea é le dhá chamchuairt náisiúnta, Sétanta agus An Triail, léiríodh An Rón Dall i Nua Eabhrac agus le déanaí Stair na gCeilteach seó a léiríodh amuigh faoin aer i gcoiléar i gCamus, Conamara.
Tá Réiltín ar siúl ón Luan go Déardaoin 9-12 Nollaig ag an Townhouse Bar & Venue, An Póirse Spáinneach, Gaillimh. Tá ticéid ar fáil ó www.fibin.com nó ar an bhfón ar 091 593823. Tuilleadh eolais ar www.fibin.com
Tuilleadh eolais:
Ruth Gordon
Fíbín
Na hAille
Indreabhán
Co. na Gaillimhe
T: 091 583923
M: 085 7238887
E: fibinteo@gmail.com
W: www.fibin.com