Méid an Téacs

An Straitéis a thabhairt slán

Eanáir 28, 2014

An dtabharfaí aird do mholtaí an Fhreasúra ag eascairt as an gcruinniú den Fhochoiste Oireachtais?

Ba léir fearg agus frustrachas bhaill an Fhochoiste Oireachtais um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara ag cruinniú a tionóladh an tseachtain seo caite. Agus an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ag tuairisciú don Fhochoiste don uair dheireanach sula n-éiríonn sé as a ról ar 23 Feabhra 2014, léirigh baill an Choiste a bhí i láthair an chruinnithe déistin do staid reatha na Gaeilge ag leibhéal an Stáit.

Cé go bhfuil ionadaithe de chuid an Chomhrialtais mar bhaill – Michael McCarthy T.D. (Páirtí an Lucht Oibre agus Cathaoirleach an Fhochoiste); Kevin Humphries T.D. (Páirtí an Lucht Oibre) agus an Seanadóir Hildegarde Naughton (Fine Gael), níor raibh i láthair ag an gcruinniú ach baill Choiste de chuid an Fhreasúra. Mhaígh an Teachta Peadar Tóibín gur léirigh easpa ionadaíochta an Rialtais “drochmheas” d’údarás an Choimisinéara Teanga agus do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Ag eascairt as an gcaint cháinteach a thug an Coimisinéir le linn an chruinnithe, ba léir tacaíocht agus ardmheas na mball a bhí i láthair do Sheán Ó Cuirreáin agus cuireadh neart moltaí chun cinn le dul i ngleic leis an gcur i gcéill a chuir an Coimisinéir síos air. Ar mholadh ón Seanadóir Trevor ó Clochartaigh, d’aontaigh gach ball gur chóir don Fhochoiste seasamh i bhfad níos láidre a ghlacadh sa phróiseas agus go bhfuil géarghá le gníomhaíocht láithreach.

Chuir an Teachta Éamon Ó Cuív trí mhórghníomh os comhair bhaill an Choiste agus mhol sé go láidir go gcuirfí gach ceann acu i bhfeidhm ar bhonn práinneach.

Mhol an Teachta Ó Cuív:

#1. Go dtiomsófaí tuarascáil traspháirtithe ar chúrsaí pearsanra sa státseirbhís agus go nglacfaí le múnla an Choiste um Chuntais Phoiblí ina leith. Is é sin go dtabharfaí gach grúpa a ainmnítear i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga os comhair an Chomhchoiste lena n-áirítear:

• An Garda Síochána

• An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

• An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil

• Suirbhéireacht Ordanáis Éireann

• Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte

• Banc Ceannais na hÉireann

• An tÚdarás Náisiúnta Iompair

• Ollscoil Luimnigh

• Comhairle Baile Inse

• Comhairle Contae Dhún na nGall

• Comhairle Contae Chill Dara

#2. Go ndéanfaí iniúchadh ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Sheol an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta tuarascáil ar fheidhmiú na Straitéise i mí Iúil 2013 ina raibh cur síos ar dhul chun cinn céimiúil, leanúnach na mbeartas. Ach dar le heagraíochtaí agus pobail Ghaeilge léirigh an tuarascáil easnaimh mhóra maidir le heaspa acmhainní, uaillmhian na spriocanna agus cur chuige an Rialtais. Aontaítear go léiríonn tuairisciú tromchúiseach an Choimisinéara Teanga drochstaid reatha na Straitéise agus d’aontaigh baill uile an Choiste gurbh ghá athbhreithniú agus iniúchadh ar dhéanamh ar ábhar na Straitéise.

#3. Go gcuirfí Cinn an Bhille i dtaca le hAcht na dTeangacha Oifigiúla faoi bhráid an Fhochoiste agus go n-ullmhófaí tuairisc ina leith. Luaigh Seán Ó Cuirreáin folús i dtaobh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a fógraíodh i mí na Samhna 2011 mar chúis eile lena chinneadh éirí as. Cé go bhfuil fógartha le déanaí go bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag súil leis an mBille nua a fhoilsiú roimh bhriseadh na tsamhraidh, ta curtha in iúl go bhfuil Cinn an Bhille fós le haontú óir nár cuireadh aon leasú faoi bhráid an Rialtais go dtí seo agus go bhfoilseofar torthaí an phróiseas chomhairliúcháin ar fhoilsiú Chinn an Bhille.

Cé gur tugadh cluas éisteachta don Teachta Ó Cuív chuir leas-Chathaoirleach an Fhochoiste, an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, in iúl nach ball den Fhochoiste é, ach ghabh sé buíochas leis as a chuid moltaí.

D’fhógair an leas-Chathaoirleach go mbeidh an tAire Stáit Donnachadh Mac Fhionnlaoich ag teacht os comhair an Fhochoiste go luath agus iarradh ar gach ball eile a gcuid moltaí a chur i scríbhinn chuig Rúnaí an Fhochoiste.

Foilsithe ar Gaelport.com