Méid an Téacs

Anailís ar BUISÉAD 2014

Deireadh Fómhair 16, 2013

D’fhógair an tAire Michael Noonan T.D., Buiséad 2014 um thráthnóna. Tá achoimre ar Bhuiséad 2014 ina iomlána ar fáil as Gaeilge anseo: Achoimre ar Bhearta Bhuiséad 2014.pdf.

Thíos faoi seo, déantar achoimre ar na hathruithe caiteachais atá i ndán do chúrsaí na Gaeilge agus na Gaeltachta don bhliain 2014 amach romhainn.

An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

Beidh €207M ar fáil don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta mar chaiteachas reatha don bhliain 2014, mar aon le €38M do chaiteachas caipitil. Cé go bhfuil an leithdháileadh céanna ar fáil don chaiteachas caipitil, tá laghdú de 7.2% i gceist don chaiteachas reatha thar an méid a cuireadh ar fáil anuraidh.
Gaeilge, Gaeltacht agus Oileán

Ciorrú de 5% atá i ndán don bhuiséad a chuirtear ar fáil do sheirbhísí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileáin tríd an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, le titim ó €42M go dtí €40M.

Mar chuid den chiorrú seo, tá an buiséad reatha don Ghaeltacht agus do na hOileáin ciorruithe de bhreis agus 5%, ó €33,519,000 go dtí €31,882,000 agus an buiséad caipitil íslithe de 6% ó €8,441,000 go dtí €7,973,000

Tá fógartha go mbeidh sábháil de €1.3M le déanamh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa bhliain 2014 trí athbhreithniú a dhéanamh ar scéimeanna, ar struchtúir agus ar eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta.

An Foras Teanga, Údarás na Gaeltachta agus An Coimisinéir Teanga

Tá leithdháileadh de €13.6M déanta don Fhoras Teanga don bhliain 2014, ísliú é seo de 7.3% ó €14.6M don bhliain 2013.

Bíonn deontas Údarás na Gaeltachta roinnte idir deontas caipitil, riaracháin agus reatha. Tá deontas reatha an Údaráis tite de 13% síos go dtí €3M, tá buiséad riaracháin na heagraíochta íslithe de 4.5% go dtí €8.8M, agus tá buiséad caipitil an Údaráis íslithe ó €6M sa bhliain 2013 go dtí €5.7M don bhliain 2014.

Buiséad de €567,000 a bheidh ar fáil d’Oifig an Choimisinéara Teanga sa bhliain 2014, síos ó €615,000 anuraidh.

Tá ráite ag an Aire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., go gcreideann sé go bhfuil soláthar dóthanach curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta, d’Oifig an Choimisinéara Teanga agus don Fhoras Teanga (Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise) chun cur ar a gcumas a gcuid feidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh in 2014.

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

€0.5M le cur ar fáil don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus cuirfear an maoiniú seo i dtreo an Próiseas Pleanála Teanga. Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit Gaeltachta roimh an allúntas ar leith seo don Straitéis ag rá gur “léiriú follasach é seo ar chur i bhfeidhm an ghealltanais i gClár an Rialtais a deir go dtacóidh an Rialtas leis an Straitéis agus go ndéanfar na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh”.

Deir an tAire go gcuirfidh “an maoiniú seo ar chumas mo Roinne tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla a thacóidh leis an bpróiseas pleanála teanga ar an talamh. Áirítear anseo tacaíocht d’eagraíochtaí pobail chun cabhrú leo tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú faoi Acht na Gaeltachta 2012”.
Ráiteas an Aire Stáit Gaeltachta

Maidir leis an leithdháileadh iomlán atá curtha ar fáil do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán don bhliain 2014, dúirt an tAire Stáit: “Cé go raibh sé riachtanach laghdú a dhéanamh ar bhuiséad mo Roinne trasna an bhoird, tá mise dóchasach go mbeimid in ann aghaidh a thabhairt ar ár gcuid tosaíochtaí a chur i gcrích taobh istigh den soláthar atá ar fáil. Beidh cosaint na seirbhísí túslíne mar dhearbhthosaíocht agam agus cinntí crua á dtógáil i bhfianaise an leithdháilte laghdaithe. Sa chomhthéacs sin, beimid ag cur níos mó béime ná riamh ar éifeachtacht agus ar luach ar airgead a fháil ó allúntas an Státchiste.”

Foilsithe ar Gaelport.com