Méid an Téacs

Anailís le tosú láithreach ar fhás agus bunú na scoileanna lán-Ghaeilge sa tír molta ag an bhFórám ar Phátrúnacht agus Iolrachas

Meitheamh 21, 2012

Thug an t-Aire Ruairí Quinn fios don phobal inniu faoin bPlean Gnímh atá beartaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna mar fhreagra ar mholtaí an Bhoird Comhairleach de chuid an Fhóraim ar Phátrúnacht agus Iolrachas san earnáil bhunscolaíochta.

Fáiltíonn An Foras Pátrúnachta go mór le cinneadh an Aire go gcuirfear tús láithreach ar anailís ar bhunú agus fás na scoileanna lán-Ghaeilge mar fhreagra ar na moltaí ón mBord Comhairleach ar sholáthar oideachais lán-Ghaeilge sa tír. Tá sé i gceist go mbeidh an anailís tábhachtach seo mar fhoinse eolais do fhorbairt pholasaí i leith an oideachas lán-Ghaeilge amach anseo.

Tá An Foras Pátrúnachta an-sásta go bhfuil an t-Aire ag glacadh leis na moltaí ar dhídhílsiú phátrúnacht scoileanna, le héagsúileacht i scoileanna a chur chun cinn. Deir Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, “Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag tabhairt níos mó roghanna do thuismitheoirí, sa phróiséas seo, ar an gcineál scoil gur mian leo ó thaobh an meán teagaisc agus sainspiorad na scoile.” Beidh tuismitheoirí in ann a gcuid tuairimí agus a gcuid mianta a chur in iúl don Roinn sa suirbhé a chuirfear orthu san Fhómhair seo. Lean Ó hEaghra ag rá, “Mar phátrún, táimid ag freastal ar éagsúileacht inár scoileanna agus tugann an pátrún roghanna de sainspiorad Caitliceach, Idirchreidmheach agus Ilchreidmeach trí mheán na Gaeilge.”

Ghlac An Foras Pátrúnachta ról comhairleach sna ceardlanna oibre don bhFóram ar Phátrúnacht agus Iolrachas, ag cur eolas agus moltaí os comhair an Bhoird Comhairleach ar stádas an oideachais lán-Ghaeilge i láthair na huaire agus na bealaí leis an soláthar ar oideachas lán-Ghaeilge a mheas agus a neartú leis an éileamh a shásamh. Ghabh an t-Aire buíochas leis na grúpaí ar fad a thug moltaí agus a d’fhreastail ar na ceardlanna oibre seo.

Creideann An Foras Pátrúnachta go bhfuil an pátrún do scoileanna lán-Ghaeilge chun cinn ar fhreastal ar éagsúlacht agus iolrachas agus ag freastal ar éileamh tuistí ó bunaíodh é i 1993. Cuireann Ó hEaghra fáilte roimh an cinneadh go mbeidh An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ag déanamh fiosrúcháin ar fhorbairt chláir dírithe ar Oideachas ar Reiligiún agus Creideamh agus Eitic, “Beidh na fiosrúcháin seo á dhéanamh i gcomhpháirtíocht le páirtnéirí oideachais agus grúpaí creidimh agus tá An Foras Pátrúnachta ag súil go mór le bheith mar chuid den bpróiséas forbartha seo. Beidh na cláir an-áisiúl do scoileanna agus cuirfidh siad go mór le múineadh faoi chreidimh agus eitic.”

Le haghaidh agallaimh nó tuilleadh eolais, dean teagmháil le:Caitríona Bairéad :: caitriona@foras.ie :: 01-6294110

Is é AN FORAS PÁTRÚNACHTA an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 61 bhunscoil agus 3 mheánscoil faoina phátrúnacht. Tá AN FORAS PÁTRÚNACHTA ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu. An fhís atá ag AN FORAS PÁTRÚNACHTA ná oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír. Tá AN FORAS PÁTRÚNACHTA aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna mar chóras pátrúnachta atá inghlactha agus cuí do scoileanna ag an gcéad agus an dara leibhéal. Bunaíodh AN FORAS PÁTRÚNACHTA sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht. Tuilleadh eolais: www.foras.ie