Méid an Téacs

Aonad ASD ceadaithe do Ghaelscoil Bhaile Brigín

Nollaig 19, 2014

Tá áthas an domhain ar  Gaelscoil Bhaile Brigín go bhfuil cead na Roinne Oideachais & Scileanna faighte acu le hAonad ASD (neamhord de chuid speictream an uathachais) a oscailt sa scoil

“Tá muid ag súil le go mbeidh sé oscailte an t-am seo an bhliain seo chugainn” a deir príomhoide na scoile, Clodagh Ní Mhaoilchiaráin. “Tá pobal na scoile ar bís agus tá muid ag súil go mór le tabhairt faoi san Athbhliain.  Cabhroidh sé seo go mór linn freastal ar an bpobal scoile atá againn agus orthu siúd a bheidh ag teacht chugainn amach anseo le ASD agus a bhfuil a dtuistí ag iarraidh go bhfanfaidh siad sa choras Gaelscolaíochta.”

Tá tuilleadh eolais maidir leis an scoil ar fáil ar www.gsbhailebrigin.ie.