Méid an Téacs

Ardaíonn Gaelscoil na Cruaiche brat frithbhulaiochta

Samhain 4, 2014

Thug an Taoiseach Enda Kenny cuairt ar Ghaelscoil na Cruaiche i Maigh Eo le déanaí chun brat frithbhulaíochta a ardú sa scoil.
Ba í Gaelscoil na Cruaiche an chéad scoil sa tír a bhain an brat seo, ‘The Blue Shield Flag’, amach. Tugann sé aitheantas do scoileanna bhfuil polasaí frithbhulaíochta atá láidir agus éifeachtach i bhfeidhm acu.

Mar chuid den scéim, d’eagraigh Gaelscoil na Cruaiche seachtain fhrithbhulaíochta agus cheap siad comhordaitheoir firthbhulaíochta.
Dúirt Mairéad Ní Ruáin, príomhoide na scoile, go bhfuil obair mhór déanta ag an scoil i gcomhpháirtíocht leis an ISPCC atmaisféar a chothú ina n-áiríonn na páistí go bhfuil siad slán agus sábháilte.

Mhol an Taoiseach pobal na scoile go hard: “Léiríonn an brat seo an obair dhearfach atá déanta ag pobal na scoile agus an tiomantas atá acu timpeallacht atá slán sábháilte a chur ar fáil do gach páiste. Is eiseamláir frithbhulaíochta í an scoil seo do scoileanna eile.”
Tá tuilleadh eolais faoin bhfeachtas ar fáil ar www.ispcc.ie.

Scéal ar www.foras.ie

Enda-brat-Gaelscoil