Méid an Téacs

Bain cáilíocht idirnáisiúnta amach sa Ghaeilge

Feabhra 20, 2014

Ar mhian leat dearbhú a fháil maidir leis an leibhéal Gaeilge atá agat? Tapaigh an deis sa bhliain 2014 le scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG).

Is córas scrúdaithe é TEG d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Tá baint aige leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.

Tá éileamh leanúnach ó fhoghlaimeoirí agus ó mhúinteoirí Gaeilge ar cháilíocht TEG atá aitheanta ag an Roinn Oideachais, Forbairt Naíonraí Teoranta, Coimisiún Fulbright, An Garda Síochána agus eagraíochtaí eile.

Tá sé fógartha ag Ionad na dTeangacha Ollscoil na hÉireann Má Nuad go mbeidh scrúduithe Gaeilge á reáchtáil i naoi n-ionad ar fud na tíre agus thar lear i Nua Eabhrac, Prág, Páras agus Ottawa.

Tá gné nua ag baint leis an gcóras scrúdaithe le cúpla bliain anuas a dhíríonn ar scileanna labhartha amháin. Is féidir páirtchreidiúint TEG a bhaint amach agus an scrúdú cainte amháin a dhéanamh ag gach leibhéal. Is buntáiste mór é an pháirtchreidiúnt seo do dhaltaí meánscoile atá ag réiteach do scrúduithe cainte Gaeilge mar aon le daoine fásta a bhfuil cumas láidir labhartha acu.

Beidh scrúduithe 2014 ar siúl i mí Aibreáin, Bealtaine agus Meitheamh. Is é an spriocdháta d’iarratais ná 21 Feabhra 2014 do na meánscoileanna agus 14 Márta 2014 d’iarrthóirí eile.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.teg.ie nó glaoch a chur ar (01) 708 3737.

Foilsithe ar Gaelport.com