Méid an Téacs

Béarla éigeantach á bhrú ar na hEagrais Ghaeilge ag Foras na Gaeilge

Feabhra 17, 2014

Fógraíodh le deireanaí toradh an phróisis chuíchóirithe i dtaca leis na heagrais Ghaeilge atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá sé cheanneagraíocht roghnaithe, agus beidh na heagrais eile fágtha gan mhaoiniú ón 30 Meitheamh 2014.

Mar chuid den phróiseas seo, scríobh Foras na Gaeilge chuig na heagrais ar 29 Eanáir 2014 ag cur in iúl go mbeidh Sainchomhairleoir Bainistíochta Athruithe ar fáil do na heagraíochtaí bunmhaoinithe chun cabhrú leis an earnáil í féin a chur in oiriúint don chur chuige nua.

Ar an 02 Samhain 2011, scríobh na heagrais bhunmhaoinithe faoi scáth an Fhóraim chuig Foras na Gaeilge agus chuig Airí na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT), ag éileamh go bhfostófaí comhairleoir neamhspleách sa Bhainistíocht um Athruithe, chun teacht ar shamhail nua mhaoinithe a bheadh chun leasa na Gaeilge. Diúltaíodh d’iarratas na n-eagras um an dtaca sin.

Is dóigh go bhfuil dhá bhealach a d’fhéadfaí breathnú ar an gcinneadh is déanaí seo ó Fhoras na Gaeilge. D’fhéadfá a rá go bhfuil athrú mór i ndán don earnáil agus gur iarracht mhacánta í seo ó Fhoras na Gaeilge chun tacaíocht a chur ar fáil do na heagrais d’fhonn tabhairt faoi na nithe praiticiúla a theastaíonn chun fáil faoi réir don athrú seo.

Ar an lámh eile de, d’fhéadfá breathnú ar an ngníomh seo mar ghníomh soiniciúil ó thaobh an Fhorais de. Nuair a d’iarr an earnáil cúnamh sa bhainistíocht um athruithe in 2011, le teacht ar mhúnla nua a bheadh, dar leo, chun leasa na teanga, diúltaíodh glan den chabhair seo. Anois, agus cinneadh déanta ag an bhForas, tá ann a dhéarfadh nach bhfuil sa chinneadh seo ach cleachtas ag an bhForas chun tic a chur i mbosca le gur féidir leo a maíomh go bhfuil siad ag tacú leis an earnáil.

Is cinnte go bhfuil an dá thuairim ann i measc phobal na Gaeilge, agus dóibh siúd nach bhfuil tite go hiomlán i dtreo na soiniciúlachta go fóill, theastódh uathu glacadh leis gur géag ológa de chineál éigin a bhí anseo ó Fhoras na Gaeilge. Sa litir ó Fhoras na Gaeilge chuig na heagrais, tairgtear comhairle agus cabhair i dtaca le saincheisteanna éagsúla mar shampla, conarthaí fostaíochta, pleanáil oibre, tuarastail agus coinníollacha seirbhíse, leanúnachas soláthair seirbhíse, bainistíocht tionscadal agus araile.

Agus cuid de na heagrais ag fáil faoi réir chun glacadh leis an ngéag ológa seo, tháinig sé chun solais go raibh súil ag Foras na Gaeilge gur trí Bhéarla a thabharfadh na heagrais faoin obair seo.

Tá cuid de na heagrais dheonacha seo ag saothrú go dúthrachtach i ngort na Gaeilge le breis agus 70 bliain. Masla ar leith d’fhoirne reatha na n-eagraíochtaí gur roghnaigh Foras na Gaeilge fógra a mbás a scaipeadh ar Twitter sular cuireadh toradh an phróisis in iúl do na heagrais féin, ach masla níos measa fós atá tagtha ó Fhoras na Gaeilge agus iad ag súil go mbeadh na heagrais seo ag feidhmiú trí Bhéarla agus iad ag meá na n-impleachtaí a bhainfeadh lena mhaoiniú a bheith ag teacht chun críche faoin 30 Meitheamh 2014.

I ráiteas chuig Gaelport.com ar an ábhar seo, chuir Foras na Gaeilge in iúl gur reáchtáladh próiseas poiblí oscailte ar shuíomh Etenders chun Comhairleoir Bainistíochta Athruithe a aimsiú.

Ar na critéir bhronnta a bhain leis an bpróiseas sin bhí:

Ualú Céatadán

Ag eascairt as an gcomórtas oscailte seo, b’iad Treacy Consulting a cheap Foras na Gaeilge don ghnó mar gurb iad a tháinig “sa chéad áit faoi na critéir éagsúla go háirithe ard-taithí sa réimse seo”.

Mura bhfuil ar chumas an dreama seo atá ceaptha ag Foras na Gaeilge seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar, is deacair a shamhlú conas ar éirigh leo aon mharcanna a bhaint amach i dtaca le huimhir 4 nó 5 ar an ar an liosta thuas, ach chun teacht i dtír ar an easpa seo tá curtha in iúl ag Foras na Gaeilge anois go bhfuil “Aistritheoir ag Treacy Consulting le haghaidh na hoibre seo”. Faoin gcóras marcála a úsáideadh chun an comhairleoir a athrú, tugadh 10% d’uimhir 4 agus d’uimhir 5 thuas araon, agus tugadh

De réir tuairiscí ar TG4 le linn na seachtaine, is cosúil go bhfuil diúltaithe ag gach ceann de na sé cheanneagraíocht a roghnaíodh aon phlé a bheith acu leis an tsainchomhairleoir atá ceaptha ag an bhForas.

Sa ráiteas ó Fhoras na Gaeilge deirtear: “Agus an obair chiniúnach seo idir lámha ag na heagraíochtaí creideann Foras na Gaeilge go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil fáil ag na grúpaí uile ar an chomhlacht is fearr ó thaobh saineolais, taithí agus scíleanna a roghnaíodh trí phróiseas phoiblí”.

Foilsithe ar Gaelport.com