Méid an Téacs

Bí ag díriú ar do thodhchaí ag Lá Oscailte ITBÁC

Samhain 11, 2013

Beidh Lá Oscailte Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC) ar siúl Dé hAoine 6 agus Dé Sathairn 7 Nollaig in ITBÁC Shráid Aungier ón 9r.n – 3i.n.
Tá suíomh Gréasáin do Lá Oscailte ITBAC 2013 beo anois ag www.dit.ie/openday.

Bheireann an Lá Oscailte deis do mhic léinn Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath a fheiceáil; gach eolas a fháil mar gheall ar sheirbhísí agus áiseanna na hInstitiúide chomh maith le heolas a fháil faoi na clubanna agus na cumainn atá ag feidhmiú in ITBÁC. Beidh deis ag mic léinn casadh le baill foirne agus mic léinn reatha na hInstitiúide chomh maith agus freastal ar chainteanna agus ar imeachtaí i rith an lae.

Tá na himeachtaí go léir saor in aisce agus beidh go leor spraoi againn le Duck Norris, sonóg Aontais na Mac Léinn, ITBÁC agus beidh foireann Spin 103.8 ag craoladh beo ó Shráid Aungier.

Don chéad uair, beidh seisiún eolais do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí i measc na himeachtaí a bheas ar siúl le linn Lá Oscailte ITBÁC 2013.

Ar an Sathairn 7 Nollaig beidh an Lá Oscailte Ceoil ar siúl chomh maith ón 2-4.30i.n agus beidh ceol clasaiceach agus ceol traidisiúnta á léiriú ag mic léinn agus baill foirne ó na cláir cheoil éagsúla atá ar siúl san Institiúid. Beidh mic léinn ábalta cuairt a thabhairt ar phríomhimeachtaí an lae i Sráid Aungier agus ansin freastal ar an Lá Oscailte Ceoil a bheas ar siúl síos an bóthar in ionad ITBÁC ar Rae Chatham, gar do Shráid Grafton.

Tá Lá Oscailte ITBÁC ar an imeacht is mó agus is gníomhaí a bhíonn ar siúl san Institiúid i rith na bliana agus bí cinnte cuairt a thabhairt orainn ar an 6 ná 7 Nollaig in ITBÁC, Sráid Aungier, Baile Átha Cliath 2.

Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.dit.ie/openday ná sin téigh i dteagmháil le hOifig Gnóthaí Poiblí ITBÁC ag 01-4027130 / lisa.jewell@dit.ie.