Méid an Téacs

Bored Games – cluichí i nGaeilge

Márta 26, 2014

An raibh deacrachtaí agat riamh do chuid páistí a choinneáil gnóthach? Ar cháith sibh neart ama in áiteanna éagsúla gan tada le déanamh, agus leadrán an domhain ar na páistí? Deachair smacht a choinneáil orthu? Easpa smaointí chun iad a spreagadh? Bhuel – tá réiteach na faidbhe againn anseo daoibh: “Bored Games”! Cluifí nua, beomhara ar fáil do pháistí ar phraghas iontach! Ní amháin go bhfuil na cluifí seo thar a bheith suimiúla, dathúila ‘s speisiúla – ach tá siad ar fáil trí mheán na Gaeilge. Sé sin, bealach iontach do chuid páistí a spreagadh ár dteaga náisiúnta a labhairt ‘s bród inár gcultúr a chruthú iontu.

Tháinig an coincheap chugainn agus muid ag fanacht in áiteanna éagsúla gan tada le déanamh againn – sa bhfiaclóir, sa mbialann, san ospidéál, srl. Gan a bheith ag iarraidh ár guid ama a chur amú, chuireamar ár gcuid smaointí le chéile chun muid a choinneal gnóthach ‘s cluifí beaga a chruthú. Idir an dá linn, bhí sé soiléir go mbeadh na cluifí seo an-oiriúnach do pháistí – ní amháin chun iad a choinneáil ciúin ach chun spéis sa Ghaeilge a spreagadh iontu ‘s diriú isteach ar chruinneas na Gaeilge chomh maith.

Tá pacáistí Bored Games foirfe ‘s feiliúnach do chuile ócáid. Tá na pacáistí seo ar fáil i ndá mhéid dhifriúla – A5 agus A4 – agus iad oiriúnach do na haoisghrúpaí seo a leanas:

5-6 bliana
7-10 mbliana *
10-13 mbliana

*Tá leagan Gaeilge agus Fraincíse ar fáil don aoisghrúpa 7-10 mbliana d’aois

S’í an charthanacht atá roghnaithe againn ná Laura Lynn agus gabhaimid buíochas as ucht an tacaíocht atá faighte againn ó Yoobyoo