Méid an Téacs

Branar ag léiriú Clann Lir i mBarra an Teampaill

Aibreán 5, 2013

An mhí seo beidh léiriú ag an gcomhlach amharclannaíochta/dráma do dhaoine óga ar an scéal gleoite Clann Lir ar siúl san ionad do pháistí ‘The Ark’ i mBaile Átha Cliath. Seo insint nua ar an seanscéal draíochta – seó é seo le puipéadóireacht, íomhánna fuinniúla agus ceol aoibhinn nuachumtha.

Tá grá athar dá pháistí ag croílár na hathinsinte seo den sean scéal clúiteach CLANN LIR.

Sa léiriú beoga seo, díríonn BRANAR ar an seanscéal mar shíscéal.

Feiceann muid claochlú draíochta, trí dheis chun an gheis a bhriseadh agus go leor eile. Insítear an scéal draíochta seo le puipéadóireacht, íomhánna fuinniúla agus ceol aoibhinn nua- chumtha.

Arna stiúradh: ag Marc Mac Lochlainn.

Ceol le: Micheal Chang agus Freda Nic Giolla Chatháín.

Seó do Scoileanna: 16 – 20 Aibreán 2013

Léiriú don phobal ar an Satharn 20 Aibreán 2013 @ 2i.n & 4i.n

Ionad:
The Ark,
11a Sráid an Iústásaigh
Barra an Teampaill
Baile Átha Cliath 2

Ticéid do scoileanna €6.50/€4.50 lascaine do scoileanna DEIS agus scoileanna lasmuigh de Bhaile Átha Cliath
Costas ar seó/léiriú don Phobal €10/€8

Is ionad do ghasúir é The Ark atá lonnaithe i mBarra an Teampaill i gceartlár an Ardchathair. Cuireann siad réimse leathan d’imeachtaí ar nós drámaíocht, ceoil, amharclainne, scannáin, damhsa agus neart imeachtaí cultúrtha ar siúl do phaistí idir 2 agus 12 bliain d’aois.

Tuileadh eolais: www.ark.ie / T: 01 670 7788