Méid an Téacs

Bronnadh Seice ar Ghaelscoil na Deirge

Samhain 5, 2012

Chuaigh Pilib Ó Ruanaí príomhfheidhmeannach Iontaobhas na Gaelscolaíochta chuig cruinniú cinn bliana Naíscoil na Deirge le seic ar £13,000 a bhronnadh ar Ghaelscoil na Deirge, Caisleán na Deirge. Bunaíodh Gaelscoil na Deirge Meán Fómhair na bliana seo le freastal ar éileamh na gaelscolaíochta sa bhaile seo ar an teorainn idir Tír Eoghain agus Tír Chonaill.
Níl an scoil maoinithe go fóill ag an Roinn Oideachais, ach tá coiste na scoile ag súil le go leor daltaí amach anseo le go mbeadh an scoil maoinithe.

Ghlac cathaoirleach na scoile Maolíosa Mac Aodha go fonnmhar leis an deonachán a bailíodh ag oíche mhór ag deireadh mí Iúil in óstán The Europa i mBéal Feirste a bhí ann mar chuid de Scoil Samhraidh Mhic Reachtain. Bhí Seán Ó Coinn ó Fhoras na Gaeilge ina aoichainteoir ar an oíche agus luaigh sé gur ábhar dóchais dó go bhfuil lóchrann na teanga á iompair ag glún úr anois, nó is na daoine óga sin a chur an ócáid i dtoll a chéile. Ghabh Máirtín Mac Cathmhaoil – duine den tseanghlún – ó Chumann Mhic Reachtain buíochas le gach duine agus gach grúpa a thug airgead don tionscadal fiúntach seo.

Mhol Pilib Ó Ruanaí thar cheann InaG Cumann Mhic Reachtain i dtuaisceart Bhéal Feirste as an ócáid a thapú le hairgead a bhailiú don chúis seo.

‘Seod atá i Scoil Samhraidh Mhic Reachtain agus buaicphointe na feilire atá ann do ghaeil Uladh le 10 mbliana anois; seo an chéad bhliain i gceannas ag Ray Giffen agus scéal cinnte go rachaidh an tionscadal ó neart go neart amach anseo.

‘Bíonn gach tús lag agus tuigeann coiste Ghaelscoil na Deirge go mbeidh obair mhór rompu ag iompar scoile gan mhaoiniú ón stat. Ach tá siad cinnte go bhfuil éileamh don ghaelscolaíocht i gCaisleán na Deirge agus go músclófar suim tuismitheoirí eile nuair a feiceann siad gaelscoil ar leac an dorais acu a sholáthar oideachas den scoth.

‘Tháinig pobal an tuaiscirt le chéile i mBéal Feirste le lámh chúnta a shíneadh amach chuig grúpa beag atá ag iarraidh síol na Gaeilge a chur síos arís sa cheantar stairiúil sin.

‘Tá dul chun cinn suntasach sa tuaisceart i mbliana le bunú Gaelscoil na Deirge agus Gaelscoil Eoghain ar an Chorr Críochach agus aitheantas bainte amach ag Bunscoil na mBeann i gCill Caoil. Tá foirgnimh úra ag Scoil na Fuiseoige, Naíscoil an tSléibhe Dhuibh agus Gaelscoil Éanna i mBéal Feirste. Tá scéim caipitil £12m fógartha ag aire oideachais John O’Dowd do Choláiste Feirste agus scéim chaipitil do Bhunscoil Bheann Mhadágaín. Cúis chéiliúrtha atá ann agus is comhartha atá ann go bhfuil aire oideachais ann a thuigeann tábhacht na gaelscolaíochta sa chóras oideachais.

Guímid gach beannacht ar an tionscadal iontach seo agus go néirí go geal le Gaelscoil na Deirge amach anseo.’

Ghabh Maolíosa Mac Aodha buíochas do InaG agus do Chumann Mhic Reachtain as an deonachán

‘Tosaíonn gach aistear le coischéim amháin agus seo an chéad chéim i dtreo na gaelscolaíochta tugtha ag pobal Ghleann na Deirge. Agus le cuidiú Dé beidh an scoil seo ann i mbliana, an bhliain seo chugainn agus le blianta fada amach anseo ag déanamh freastail ar mhian tuismitheoirí atá ag iarraidh buanna an dátheangachais dá bpáistí.’

www.comhairle.org