Méid an Téacs

Buntáiste Breise na Gaeilge – Camchuairt 2011!

Bealtaine 18, 2011

Beidh an seimineár “Buntáiste Breise na Gaeilge” á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge in ionaid éagsúla timpeall na tíre le linn 2011.  I mí Márta na bliana seo bhailigh slua ollmhór de dhaltaí scoile in Óstán An Dolmen i gCeatharlach ag ceann de na seimineáir seo agus i mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna beimid ag díriú ar ionaid i gCora Droma Rúisc, i gCarraig Mhachaire Rois, i Luimneach agus i bPort Láirge.

Go dtí seo, tá seimineáir reáchtáilte ag An Chomhdháil, i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh, i gCaisleán an Bharraigh, i mBéal Feirste, i Leitir Ceanainn agus ar An Tulach Mhór.

Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre.  Le linn na seimineár pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.  Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí  i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.

Mar chuid den seimineár cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí,  rud a spreagann díospóireacht spleodrach ar a leithéidí seo – todhchaí na teanga, stádas Gaeltachta, an Ghaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteistiméireacht, an Ghaeilge ag an tríú leibhéal, nó tacaíocht an Rialtais don teanga.

Bíonn ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastáin eolais, chun eolas a roinnt ar na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.

Tá na seimineáir á n-eagrú ó 2009 agus go dtí seo tá an-tóir orthu. Rinne na seimineáir seo freastal ar 78 iar-bhunscoil agus suas le 2,500 dalta scoile timpeall na tíre.

Tá liosta de na dátaí thíos do na seimineáir atá beartaithe níos déanaí i mbliana agus más múinteoir scoile tú agus más spéis le do scoil páirt a ghlacadh i seimineár i do cheantar, déan teagmháil go luath le Brígíd Ní Ghríofa, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 01 679 4780.

Tá fáilte roimh an bpobal freastal ar na seimineáir seo ach clárú roimh ré.

Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma -11 Deireadh Fómhair 2011

Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin  -12 Deireadh Fómhair 2011

Luimneach- 22 Samhain 2011

Dún Garbhán, Co. Phort Láirge- 23 Samhain 2011

Foilsithe ar Gaelport.com 17 Bealtaine 2011