Méid an Téacs

Buntáiste Breise na Gaeilge le plé san oirdheisceart

Meán Fómhair 18, 2012

Ar an gCéadaoin 17 Deireadh Fómhair agus ar an Déardaoin 18 Deireadh Fómhair beidh seimineáir Buntáiste Breise na Gaeilge, á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i nDúrlas Éile agus i mBaile Loch Garman agus i lár mí na Samhna beidh seimineár in Killashee House i Nás na Ríogh.

Le linn an tseimineáir pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha. Is ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha a bheidh an ócáid seo ag freastal.

I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid i dTúrlas Éile ar an 17 Deireadh Fómhair beidh Ciarán Mac an Bhaird atá ina Léachtóir le Gnó agus Bainistíocht in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Labhróidh Lisa Ní Choisdealbha arbh as Ros Cré ó dhúchas í ar a taithí féin ina post mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin le Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann (IBI).

I measc na gcainteoirí eile beidh Billy Clancy, Comhairleoir Contae i dTiobraid Árann Thuaidh agus Ciara Considine atá ina hOifigeach Margaíochta agus Riarthóir Feidhmiúcháin in Ollscoil Luimnigh.

Ar an Déardaoin beidh seimineár ar siúil in Óstán Whites i gceartlár bhaile Loch Garman áit a ndéanfaidh an t-iar-iománaí le Loch Garman Diarmuid Lyng cur síos ar a phost mar Múinteoir Gaeilge agus an deis a thug an Ghaeilge dó oibriú mar anailísí spóirt le TG4.

Tabharfaidh an Dr Séamus Ó Diollúin léargas ar a chuid oibre mar léachtóir in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus déanfaidh an Teachta Dála Antóin Ó Díomasaigh cur síos ar an tábhacht atá ag baint leis an teanga. Chaith Antóin seal mar bhainisteoir ar fhoireann peile agus iománaíochta Loch Garman agus tabharfaidh sé léargas ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge sa Chumann Lúthchleas Gael.

D’eagraigh Comhdháil Náisiúnta naoi gcinn déag de na seimineáir seo timpeall na tíre le breis is trí bliana anuas agus go dtí seo éiríonn thar barr leo, le suas le cúig mhíle dalta scoile as 168 iar-bhunscoil i láthair ag na seimineáir seo go dtí seo.

Táthar ag súil go mbeidh an cur i láthair seo spreagúil, spleodrach, agus go rachaidh an taithí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo. Ar ndóigh, cuirfear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na hAoichainteoirí labhairt.

Beidh seastáin eolais agus ionadaithe ó roinnt institiúidí tríú leibhéal i láthair chomh maith, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.

Más múinteoir scoile tú agus más spéis le do scoil páirt a ghlacadh i seimineár i do cheantar, déan teagmháil le Brígíd Ní Ghríofa, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 01 679 4780 nó r-phost a chur chuig brighid@comhdháil.ie

Tá míle fáilte roimh an bpobal freastal ar na seimineáir seo ach clárú roimh ré.

Foilsithe ar Gaelport.com