Méid an Téacs

Cainéal YouTube speisialta do Ghaeil Óga

Aibreán 22, 2013

Tá cainéal ar leith ag TG4 anois ar YouTube dírithe go hiomlán ar an aos óg. Tá réimse leathan ábhar ar fáil ar TG4spraoi (https://www.youtube.com/user/TG4spraoi?feature=watch).

Níos fearr fós ná go bhfuil réimse fhíseán de scéalta do pháistí á léamh curtha ar an suíomh le déanaí. ‘Scéal an Lae’ a thugtar ar an ghné nua seo, a chuimsíonn scéalta clúiteacha ó leabhair ar nós ‘Frog sa Spéir’, ‘Gobnait Gé’, agus ‘Mo ghrá sibh go léir’.

Is cinnte go bhfuil moladh mór tuillte ag TG4 as an sár-obair seo. Áis iontach í seo do pháistí (agus do thuismitheoirí a bhfuil sos de dhíth orthu!)

www.naoinrai.ie