Méid an Téacs

Campaí Samhraidh Feachtas sa Mhuileann gCearr

Bealtaine 25, 2011

Beidh Campaí Samhraidh Feachtas 2011 á reáchtáil sa Mhuileann gCearr, Co. na hIarmhí ag tús mí Iúil. Reáchtáilfear Campa A, dírithe ar dhaltaí san aoisghrúpa 10-15 bliana d’aois, ón 4ú-8ú Iúil agus Campa B, dírithe ar dhaltaí san aoisghrúpa 8-12 bliana d’aois ón 11ú-15ú Iúil. Beidh an dá champa ar siúl i gColáiste Naomh Fhinín sa Mhuileann gCearr.

Eagraítear réimse leathan imeachtaí le linn na seachtaine do na daltaí agus dírítear ar eispéireas taitneamhach agus spraíúil a chruthú le Gaeilge a fhoghlaim i suíomh atá neamhfhoirmeálta.

Reáchtáiltear na campaí óna 10r.n. go dtí a 3i.n. gach lá le rang Gaeilge ar maidin, imeachtaí ar nós drámaíocht, ealaíon, amhránaíocht, ceardlanna agus ceol san iarnóin chomh maith le comórtas spóirt le spóirt éagsúla ar nós peil, cispheil, corr agus sacar. Eagraítear turas lae ar an dá champa chomh maith.

Tá tríocha spás ar na Campaí Samhraidh agus tá costas €70 an duine ann. Beidh lascaine ann do theaghlaigh.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Champaí Samhraidh Feachtas téigh i dteagmháil linn ag:

Ursula Ní Shionnain
Feachtas Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge
Oifig a 8,
Teach Coghill,
64 Sráid an Dáma,
BÁC 2.

Uimhir Theileafón: 01 6725940

Ríomhphost: ursula.feachtas@gmail.com

Foilsithe ar Gaelport.com