Méid an Téacs

Cath na mBannaí

Meán Fómhair 11, 2014

Tá áthas ar Feachtas a fhógairt go mbeidh comórtas Chath na mBannaí á reáchtáil acu ar an 21ú Deireadh Fómhair 2014 in Axis, Baile Munna. Is é sprioc an chomórtais seo ná bannaí nua a spreagadh agus deis a thabhairt do bhannaí seanbhunaithe a gcuid tallann a léiriú. Tá an comórtas seo oscailte do gach meánscoil lán-Ghaeilge agus aonad lán-Ghaeilge sa tír agus tá cead ag scoileanna uasmhéid de dhá bhanna a chur isteach ar an gcomórtas. Eagrófar an comórtas seo go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus tá muid cinnte de go gcabhróidh sé seo le cur chun cinn na Gaeilge ar scoil agus úsáid shóisialta na teanga taobh amuigh den seomra ranga.

Is deis iontach é seo chun cumas ceoil agus tallanna na scoláirí a léiriú agus páirt a ghlacadh in imeacht mór idirscoile trí Ghaeilge. Tá duaiseanna iontacha le buachan freisin – seisiúin taifeadta i Stiúideo Dearg Raidió na Life agus trófaithe. Chun tuilleadh eolais faoin gcomórtas seo a fháil, déan teagmháil le Ciara eolas@feachtas.ie / 01 6725940

Cath na mBannaí