Ceannairí Óige á lorg ag Feachtas
Meán Fómhair 14, 2015
Tá gairm ar cheannairí chun club óige nua do dhéagóirí a reáchtáil i mBaile Brigín!
Is eagraíocht óige Feachtas a fhéachann le spásanna sóisialta a chur ar fáil do dhaoine óga le Gaeilge agus tá muid ag obair le muintir Bhaile Brigín le club óige a oscailt sa cheantar. Tá daoine fásta ag teastáil tráthnóna amháin sa tseachtain chun cuidiú leis an chlub a reáchtáil.
Mar cheannaire ógra, beidh tú ag cur áit shábháilte shóisialta ar fáil do na daoine óga inar féidir leo scíth a ligean agus spraoi a dhéanamh. Is deis iontach é bualadh le daoine nua agus scileanna nua a fhoghlaim, agus beidh tú ag cur le féinmhuinín agus le forbairt phearsanta daoine óga i do cheantar.
Tugann Feachtas tacaíocht láidir do gach club. Faigheann gach ceannaire traenáil leanúnach saor in aisce, socraítear ionad an chlub agus tugann muid acmhainní agus maoiniú do gach club chun páirt a ghlacadh in imeachtaí iontacha.
Má tá suim agat bheith páirteach i gClub Óige Feachtas, Baile Brigín, féach www.feachtas.ie nó déan teagmháil linn le Loretta ag 087 904 6036 nó loretta@feachtas.ie
Tabhair súil ar an mileog eolais anseo