Méid an Téacs

Ceardlann – Á heagrú i gcomhar le IMRAM agus Áras na Scríbhneoirí

Meán Fómhair 25, 2014

Dáta: Dé Sathairn, 18 Deireadh Fómhair 2014

Ionad: Áras na Scríbhneoirí, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath

Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Mícheál Ó Ruairc

Beidh an cheardlann seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta sa ghearrscéal. Tabharfar áit ar an gceardlann freisin, áfach, do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga agus na scríbhneoirí aitheanta araon. Tugtar cuireadh do ghearrscéalaithe ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal dá gcuid a sheoladh chuig Stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht, Micheál Ó Conghaile, ag an seoladh thíos ROIMH an 4 Deireadh Fómhair 2014.

Roghnófar na gearrscéalta is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir a bheidh ag freastal ar an gceardlann roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit d’ochtar ar a mhéid ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin, agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Tuilleadh eolais:

Micheál Ó Conghaile nó Julianne Ní Chonchobhair
Cló Iar-Chonnacht
Indreabhán
Conamara
Co. na Gaillimhe

Guthán: (091) 593307 Facs: (091) 593362 Ríomhphost: moccic@eircom.net

Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon