Méid an Téacs

Céim 2 den Mhúnla Nua Maoinithe

Samhain 19, 2013

Tuairiscíodh ar Gaelport.com an tseachtain seo caite, go raibh an chéad ghearrliosta roghnaithe ag Foras na Gaeilge sa phróiseas i dtaca leis an múnla nua maoinithe.

Tuigtear gur 15 iarratas in iomlán a fuarthas sa chéad chéim den phróiseas, ach gur dícháilíodh ceann amháin de na hiarratais sin. Tá tuairiscithe ag meáin eile gur tháinig trí cheann déag de na hiarratas seo ó eagrais atá cheana féin bunmhaoinithe agus péire ó eagrais sheachtracha, ach níl seo deimhnithe go hoifigiúil ag an bhForas féin.
Tionóladh cruinniú Dé hAoine seo caite, idir Foras na Gaeilge agus na heagraíochtaí Gaeilge ar glacadh lena léiriú suime, chun soiléiriú a chur ar fáil maidir le Céim 2 den phróiseas. Beidh aighneacht shubstainteach le hullmhú ag na heagrais sin agus le cur faoi bhráid Fhoras na Gaeilge roimh an 6 Nollaig 2013.
Cuireadh in iúl sa chruinniú go bhfuil coiste bunaithe ag Foras na Gaeilge cheana féin chun moltóireacht a dhéanamh ar na hiarratais. Ar an gcoiste seo beidh beirt ó Ardbhainistíocht Fhoras na Gaeilge, ball amháin ó Bhord Fhoras na Gaeilge, agus comhairleoir seachtrach sa phleanáil teanga. Tá iniúchóir neamhspleách roghnaithe chun deimhniú a thabhairt go bhfuil an próiseas moltóireachta á chur i gcrích de réir an dea-chleachtais. Thagair oifigigh an Fhorais do bhaol choimhlint leasa le linn an chruinnithe Dé hAoine, ach dúirt nach féidir seo a sheachaint sa chás seo mar dá gcuirfí na gnáth rialacha i bhfeidhm, nach mbeadh aon bhall de bhainistíocht Fhoras na Gaeilge incháilithe don ról.
Beidh gearrliostú eile i gceist sula dtabharfaí faoi Chéim 3 den phróiseas. Roimh an 23 Nollaig 2013, tabharfar cuireadh do cheannasaithe agus do chathaoirligh na n-eagras a éiríonn leo i gCéim 2 den phróiseas, tabhairt faoi agallamh leis an gcoiste thuasluaite ar dháta idir an 6-8 Eanáir 2014. Do na heagrais nach n-éiríonn leo an gearrliosta eile seo a bhaint amach, cuirfear seo in iúl dóibh tráth nach deireanaí ná an 23 Nollaig 2013,
Mar chéim lárnach sa phróiseas seo, chuir Foras na Gaeilge in iúl ar an 25 Iúil 2013 go mbeadh “Comhairleoir Bainistithe Athraithe ar fáil ag gach ceann den 19 n-eagraíocht bhunmhaoinithe le cuidiú leo a n-eagraíocht a chur in oiriúint do na socruithe úra ó fhómhar 2013”. Ag an gcruinniú Dé hAoine seo caite, chuir An Foras in iúl nach mbeidh Comhairleoir Bainistithe Athraithe anois ar fáil go dtí Eanáir 2014. Beidh an ceapachán sin rómhall mar go mbeidh na ceanneagraíochtaí roghnaithe ag Foras na Gaeilge faoin tráth sin.
Tá scríofa ag baill an Fhóraim (grúpa a chuimsíonn 80% de na heagrais bhunmhaoinithe reatha) chuig Airí na ranna urraíochta ag cur in iúl go mbeadh sé níos ciallmhaire dá mbeadh sainchomhairle bainistithe athraithe ar fáil do na heagrais sula mbeidh an cinneadh déanta ag Foras na Gaeilge. Tá curtha in iúl ag Foras na Gaeilge nárbh iad siúd ab chúis leis an moill ar an gceapachán seo, agus mar sin tá síneadh ar an bpróiseas reatha iarrtha ag baill an Fhóraim ar na ranna urraíochta ionas gur féidir an próiseas iomlán, mar a leagadh amach ar an 25 Iúil 2013 a chur i gcrích, de réir an dea-chleachtais.

Foilsithe ar Gaelport.com