Méid an Téacs

Cinneadh Oifig an Choimsinéara Teanga a nascadh le hOifig an Ombudsman tarraingthe siar

Aibreán 7, 2014

Fanfaidh an Oifig mar “eintiteas iomlán neamhspleách” faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014

Tá fógartha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta nach mbeidh an Rialtas ag dul ar aghaidh leis an gcónascadh a bhí beartaithe d’Oifig an Choimsinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman.

I mí na Samhna 2011 fógraíodh go dtabharfar faoi athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus go mbeadh Oifig an Choimisinéara Teanga á nascadh le hOifig an Ombudsman. D’eascair an t-athbhreithniú as gealltanas a tugadh i gClár an Rialtais 2011-2016 ionas go gcinnteofaí go mbainfear an leas is fearr as caiteachas ar an teanga chun í a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhforchuirtear dualgas go cuí de réir éilimh ó shaoránaigh.

Ce gur fáiltíodh roimh an athbhreithniú ar an Acht, cuireadh go láidir i gcoinne an chónasctha mar chuid den phróiseas comhairliúcháin a reáchtáil an Roinn, agus le déanaí, leagadh an-bhéim ar mhíshástacht an phobail ina leith ó tharla éirí as Sheáin Uí Chuirreáin mar Choimisinéir Teanga.

Tá fógartha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil cead tugtha na Ceannteidil Bhille a cuireadh faoi bhráid an Rialtais le déanaí a fhoilsiú agus an chéad chéim eile a thógáil sa phróiseas maidir le leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Is mór an chonspóid a chruthaigh moltaí na Roinne i dtaca leis an athbhreithniú ó chonacthas cóip neamhoifigiúil de dhréacht-chinn an Bhille. Cuireadh i gcoinne neart den 14 dréachtpholasaí os rud é gur mheas eagrais Ghaeilge go ndéanfadh cuid na moltaí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a lagú go mór.

Ce gur léir míshástacht an phobail le hábhar na leasuithe, cuireadh fíorfháilte roimh chinneadh an Rialtais i dtaca leis an gcónascadh. Agus é ag fógairt an chinneadh dúirt an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., “Tar éis an chónascadh a bhí beartaithe idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman a bhreithniú tuilleadh, agus ag tógáil san áireamh torthaí an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a léirigh tacaíocht láidir d’Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar eintiteas iomlán neamhspleách, tá cinneadh déanta ag an Rialtas gan dul ar aghaidh leis an chónascadh a bhí beartaithe”.

Chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh chinneadh an Rialtais aitheantas a thabhairt do thábhacht neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga, ach léirigh Stiúrthóir na Comhdhála, Kevin De Barra, díomá maidir leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus é ag rá: “Tar éis an stró agus an t-anró a chur an pobal orthu féin chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin, is údar mór díomá nár éisteadh lena moltaí”.

“Sampla amháin den lagú atá á mholadh ar an Acht ná go mbeidh téarma na scéimeanna teanga a ardú ón tréimhse reatha de 3 bliana, go dtí tréimhse níos faide de 7 mbliana. Tá sé áiféiseach go mbeadh téarma na scéimeanna sin níos faide ná an téarma atá ag an gCoimisinéir nuacheaptha”, a dúirt De Barra.

D’fháiltigh an Coimisinéir Teanga úrceaptha, Rónán Ó Domhnaill, roimh chinneadh an lae inniu agus dúirt sé go gcosnaíonn “cinneadh an Rialtais neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga agus tá deireadh anois le haon éiginnteacht faoin stádas a bheidh ag an Oifig amach anseo”.

Ag labhairt leis maidir leis an athbhreithniú dúirt an tUasal Ó Domhnaill, “Tá deis sa Bhille nua cearta teanga do lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht a threisiú. Creidim gurb é an bealach is fearr chun é sin a dhéanamh ná na moltaí atá curtha chun cinn ag Oifig an Choimisinéara Teanga, bunaithe ar a taithí le 10 mbliana anuas, a chur i bhfeidhm”.

Cé gur dea-scéal do phobal na Gaeilge é an cinneadh is déanaí creidtear go bhfuil laigí suntasacha i gceist le hábhar na gCeannteideal. Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian De Spáinn, “Níl dáta leagtha amach i gCeannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014, mar shampla, go mbeidh gach seirbhís á gcur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeltachta gan ceist, gan coinníoll. Níl aon spriocanna sásúla ann maidir le hearcaíocht san earnáil phoiblí. Níl ról monatóireachta tugtha d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030”.

Foilsithe ar Gaelport.com