Méid an Téacs

Ciorcláin nua – Forbairt Ghairmiúil Leantach do Mhúinteoirí atá ag obair i dTacaíocht Foghlama agus Oideachas Speisialta

Eanáir 5, 2015

Le go mbeidh gach scoil agus seirbhís oideachais in ann freastal ar riachtanais daltaí maidir le tacaíocht foghlama agus múineadh daltaí le riachtanais speisialta oideachais, tá maoiniú á dhéanamh ag an Roinn Oideachais & Scileanna ar na cláir oiliúna seo a leanas:

  • Comhchlár Dioplóma Iarchéime um Fhorbairt Ghairmiúil Leantach do Mhúinteoirí atá ag obair i dTacaíocht Foghlama agus Oideachas Speisialta – 2015/2016
  • Teastas Iarchéime in Oideachas Scoláirí le Neamhoird Speictrim Uathaigh rthu (NSUanna) le haghaidh múinteoirí ag obair le Scoláirí le NSUanna orthu i Scoileanna Speisialta, i Ranganna Speisialta nó mar Mhúinteoirí Acmhainne i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna sa phríomhshruth – 2015/2016
  • Clár Teastais/Dioplóma Iarchéime um Fhorbairt Ghairmiúil Leantach do Mhúinteoirí ag obair le Scoláirí le Riachtanais Speisialta Oideachais (Neamhoird Speictrim Uathaigh)

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh na Roinne Oideachais & Scileanna, www.education.ie. An dáta deiridh le haghaidh iarratas ná an 27 Feabhra 2015.