Méid an Téacs

Ciorrú eile fógartha don Ghaeloideachas -COGG le cónascadh le heagras stáit eile

Samhain 28, 2012

Tá fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar maidin go bhfuil An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) le cónascadh leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

Chuir ionadaí ón Roinn Oideachais an fógra in iúl don slua atá ag freastal ar Chomhdháil Ghaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teoranta i gcathair na Gaillimhe inniu.

Cuireann COGG seirbhísí tacaíochta ar fáil do bhunscoileanna agus do scoileanna iar-bhunoideachais lán-Ghaeilge. Chomh maith leis sin, cuireann COGG acmhainní teagaisc ar fáil do scoileanna agus cuirtear maoiniú ar fáil do thaighdeoirí sa réimse seo.

Faoi láthair, níl ach beirt fostaithe ag an gComhairle de bharr nár ceadaíodh postanna eile a líonadh le tamall de bhlianta anuas.

Bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta faoi fhorálacha Alt 31 den Acht oideachais 1998 tar éis feachtais a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaelscoileanna, agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.

Ceapadh ag an am go raibh géarghá le sainstruchtúr le freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge.
Ag labhairt dó inniu, dúirt Seán Ó Foghlú, Ard Rúnaí na Roinne Oideachais:” Ceadóidh na socruithe nua le COGG a cuid acmhainní a dhíriú ar a príomhfheidhmeanna chun acmhainní teagaisc a sholáthar mar thacaíocht ar theagasc na Gaeilge i gcomhair le hobair CNCM ar leasú an churaclaim. Beidh na feidhmeanna ginearálta riaracháin, atá mar ualach suntasach ar fhoireann bheag, á gcur ar fáil anois ag CNCM,” a dúirt sé.

“Faoin socrú nua seo, coinneoidh COGG aitheantas dá cuid féin faoi choimirce CNCM. Láidreoidh an beart seo a cumas le tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le teagasc na Gaeilge i gcoitinne”.

Cuireann An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta comhairle ar an Aire Oideachais agus Scileanna maidir le cúrsaí curaclaim agus measúnachta san oideachas luathóige agus i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna.

Foilsithe ar Gaelport.com