Méid an Téacs

Cluiche nua – Ardrí

Samhain 3, 2011

Sa chluiche cláir spleodrach lándaite seo d’óg agus aosta, caithfimid Fionn mac Cumhaill a thabhairt go cúirt an Ardrí i dTeamhair. Le cabhrú leis, tá an banghaiscíoch Bómall, Bodach an Chóta Lachna, an Bradán Feasa, Diarmaid ó Duibhne, agus cairde na Féinne. Ach tá a chuid naimhde ag fanacht linn freisin — Goll mac Morna, Conán Maol, an fathach Ailéan, an Giolla Deacair, ollphéisteanna, arrachtaigh, sluaite sí, agus go leor leor eile!

Le cabhair ó COGG, tá an cluiche cláir seo á chur ar fáil i gcomhar leis an tsraith nua leabhar ‘Fionn’. Tá an chéad dá leabhar sa tsraith ar fáil anois, An Bradán Feasa agus Dóiteoir na Samhna, agus beidh an cluiche cláir ar fáil i siopaí ar fud na tíre faoi Shamhain 2011, nó le fáil tríd an bpost ar an suíomh seo.

Tá lacáistí móra á dtairscint ag Leabhar Breac ar orduithe ó scoileanna ach glaoch orainn ag 091 593592 nó scéala a chur chugainn ag eolas@breacan.ie.