Méid an Téacs

Coiste Comhairleach don Straitéis 20 Bliain Ceaptha

Aibreán 1, 2014

Amárach, tionólfar an chéad chruinniú den Choiste Comhairleach faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Tá beartaithe ag an Aire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., Coiste Comhairleach a bhunú i gcomhar le heagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta chun plé go sonrach le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Tá na heagraíochtaí Gaeilge agus eagraíochtaí sa Ghaeltacht ag éileamh a leithéid de choiste le tamall fada agus cur chuige an Rialtais i dtaca leis an Straitéis cáinte go láidir acu, agus é curtha i leith an státchórais go bhfuil sé ag tarraingt na gcos maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise.

I mí Dheireadh Fómhair 2013, eagraíodh seimineár idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus na heagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta. Le linn an tseimineáir sin, moladh go láidir go mbunófaí struchtúr nua ionas go bhféadfadh an earnáil dheonach ionchur a bheith aici i gcur i bhfeidhm na Straitéise.

Is mar seo a leanas a bheidh an bhallraíocht ar an gCoiste Comhairleach: An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (Cathaoirleach); Údarás na Gaeltachta; Foras na Gaeilge; Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge; Gaelscoileanna Teoranta; Conradh na Gaeilge; Gael Linn; Oireachtas na Gaeilge; Glór na nGael; Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta; Muintearas; Oidhreacht Chorca Dhuibhne; CONCOS; Comhar na Naíonraí Gaeltachta; Óige na Gaeltachta; Ealaín na Gaeltachta; agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

I litir chuig na heagraíochtaí ag tabhairt cuiridh dóibh freastal ar an gcéad chruinniú, léirigh an tAire Stáit Gaeltachta go bhfuil sé “ag súil go gcothóidh an Coiste Comhairleach comhoibriú agus comhthuiscint níos fearr idir na páirtithe éagsúla i dtaca leis an Straitéis agus leis an bpróiseas pleanála teanga”.

Foilsithe ar Gaelport.com