Comhairliúchán faoi ábhair na Sraithe Shóisearaigh
Eanáir 13, 2014
Tá comhairliúchán ar bun ag an CNCM maidir le sonraíocht roinnt d’ábhair na Sraithe Shóisearaigh, an Ghaeilge ina measc.
Beidh deireadh leis an tréimhse comhairliúcháin ar an Aoine 17 Eanáir. Ba mhór acu do thuairimí a fháil agus chuige sin, iarrtar ort an suirbhé faoin nGaeilge a líonadh ag an nasc seo http://www.juniorcycle.ie/Curriculum/Consultation/Subjects/Gaeilge agus tá teacht ar na suirbhéanna eile ar an suíomh www.ncca.ie chomh maith.