Méid an Téacs

Comhairliúchán faoin ar an gcaoi is fearr le teicneolaíocht a úsáid sa seomra ranga

Eanáir 13, 2014

Tá an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, ag iarraidh ar thuismitheoirí, múinteoirí, daltaí, lucht tionscail agus lucht acadúil a gcuid tuairimí a thabhairt ar an gcaoi is fearr le ríomhairí agus teicneolaíocht a úsáid sa seomra ranga. Is é an sprioc lena mbaineann ná forbairt straitéise nua maidir le húsáid TFC i dteagasc agus i bhfoghlaim i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna. Leanann sé sin as suirbhé cuimsitheach ar-líne ar phríomhoidí agus múinteoirí a rinneadh níos luaithe sa bhliain. Aithnítear go bhfuil neart scoileanna cheana féin ag úsáid na teicneolaíochta i mbealach nuálach sa seomra ranga, agus is deis atá sa straitéis a dheimhniú go bhfuil na deiseanna céanna ag gach leanbh i ngach scoil idirghníomhú le teicneolaíocht ar fud gach gné den churaclam.

Is é an 31 Eanáir 2014 an dáta deiridh le haighneachtaí a dhéanamh. Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh mholtaí ó aon scoil de réir na gceisteanna atá leagtha amach thíos agus déanfar é a chur san áireamh san aighneacht thar ceann na scoileanna nó féadfaidh scoileanna agus a gcuid pobail a n-aighneachtaí féin a scríobh. Is féidir teacht ar an aighneacht trí Straitéis Dhigiteach Do Scoileanna.

Na ceisteanna:

  1. Cad é an fhís atá agat nó cad a bhfuil tú ag súil leis maidir le húsáid an TFC chun tacú leis an teagasc agus an fhoghlaim i scoileanna do na chéad 5 bliana amach romhainn?
  2. Cad iad na deiseanna a d’fhéadfadh an TFC a chur ar fáil sa bhunoideachas agus san iar-bhunoideachas, dar leat?
  3. Cad iad na tosaíochtaí ba chóir a bheith ann do scoileanna maidir leis an TFC, dar leat?
  4. Cad iad na dúshláin a fheiceann tú atá ann leis an TFC a chur i bhfeidhm i scoileanna?
  5. Cad iad na straitéisí ba chóir a úsáid chun feabhas a chur ar an éifeacht a bhíonn ag an TFC sa teagasc agus san fhoghlaim?
  6. Cad iad na tosca ratha criticiúla a fheiceann tú ó thaobh an TFC a chomhtháthú isteach sa teagasc agus san fhoghlaim i.e. na gnéithe riachtanacha ionas go n-éireoidh leis an gcomhtháthú?
  7. Cad iad na príomhghníomhaíochtaí ba chóir a dhéanamh lena chinntiú go mbaintear amach comhtháthú an TFC i scoileanna?

Tá an preas ráiteas ón Roinn ar fáil ag: http://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachta%C3%AD/Preasr%C3%A1itis/Preasr%C3%A1itis-2013/PR13-12-02.html