Méid an Téacs

Comhdháil Altram

Deireadh Fómhair 18, 2013

“Two Windows on the World” – Comhdháil Idirnáisiúnta Altram, Tower Hotel, Doire 25.09.13- 26.09.13 -27.09.13

Lainseáil Oifigiúil

Seoladh an chéad chomhdháil idirnáisiúnta riamh Altram ar dátheangachas, “Two Windows on the World”, go hoifigiúil ag Mark Durkan MP, ag ócáid cheiliúrtha in Óstán an Túir, Doire tráthnóna Dé Céadaoin, 25 Méan Fómhair 2013. Ba í aidhm na chomhdhála ná na buntáistí ginearálta a bhaineann le bheith dátheangach ag aois luath “a cheiliúradh, a fhoghlaim, a chur in iúl agus a chur chun cinn”, le fócas ar leith ar tumoideachas Gaeilge.
Thug Cathaoirleach Altram agus Bean a Tí don óiche, Áine Andrews, Méara Dhoire Martin Reilly isteach, agus é a chuir fíor-fáilte go Doire chuig na toscairí. Thug sí isteach agus ghabh sí buíochas fosta leis na cainteoirí eile, ionadaí ón City of Derry Culture Company, Shóna McCarthy agus Gerry Conway ón Health & Social Care Board, na heagraíochtaí a rinne urraíocht, mar aon le Foras na Gaeilge agus Iontaobhas Ultach, ar an Chomhdháil.
Sholáthar daltaí tréitheacha, a d’fhreastal ar nó atá ag freastal faoi láthair ar naíscoileanna agus bunscoileanna lán-Ghaeilge, an siamsaíocht ar an óiche – damhsa na hÉireann le deirfiúracha Clíona agus Éimear Devlin ó Gaelscoil na bhFál, damhsa sean-nós le hEdel Ní Churraoin, ceol traidisiúnta le Donncha Mac Giolla Mhuire agus Níamh Níc Ghiolla Mhuire ó Gaelscoil Éadain Mhóir agus críochnaíodh an óiche le sraith mhórthaibhseach ó cheoltóir Béal Feirste Gráinne Holland, iardhalta de chuid Bunscoil Phobal Feirste. Bhí an cráic ar dóigh agus an t-atmaisféar bunaithe don dá lá de “Two Windows on the World” le teacht.

Lá 1
Ar an Déardaoin 26 Meán Fómhair, Lá Eorpach na dTeangacha, d’fhreastail thart ar 50 toscaire ó chúlraí gairmiúla cúram leanaí, oideachas, pobal agus earnáil phobail. Thug Martina Anderson FPE an t-aitheasc tosaigh ar an lá.
Thug Dónall Ó Riagáin, Comhairleach Neamhspléach agus Iar-Cheannasaí den Bhiúró Eorpach ar Theangacha Neamhfhorleathana, na cainteoirí don seisiún maidine. I dtús báire bhí Dr.Antonella Sorace, Ollamh le Teangeolaíocht Fhorbartha in Ollscoil Dhún Èideann, a d’fhreagair an ceist ‘Why does bilingualism matter?” agus Dr. Piet Van de Craén ó Ollscoil Vrije sa Bhruiséil, a bhí ag caint ar “Early Bilingualism & the European Union’. Bhí cainteanna suimiúla ann fosta ó Aodán Mac Póilin, Stiúrthóir Iontaobhas ULTACH ar ‘The Irish Language – The Northern Ireland Situation”, agus ó Áine Andrews, Cathaoirleach Altram, ar “Early Years Irish Language Immersion in Northern Ireland, Achievements & Challenges”.
Ba í an t-aidhm de Lá 1 ná léargas níos soiléire ar dátheangachas agus ar thumoideachas sna luathbhlianta a chur ar fáil. Ag trácht tar éis éisteacht leis na cur i láthair ba í an tuairim ghinearálta ná gur chuir siad le peirspictíochtaí nua luachmhar ar fhorbairt bheartais agus dea-chleachtas.

Lá 2
Is iad na cleachtóirí naíscoile a bhí go mór an sprioc-lucht féachana ar an darna lá don chomhdháil ar an Aoine 27ú Meán Fómhair. Tháinig níos mó ná 65 toscairí ón earnáil tumoideachais Gaeilge sna luathbhlianta le heolas nua a chloisteáil agus teicnící nua a fhoghlaim a chuirfeadh siad i bhfeidhm ansin sa suíomh naíscoil. Cuireadh tús le clár De hAoine le sraith léirithe siamsaíochta ó pháistí áitiúla a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge I nDoire – Gaelscoil Éadain Mhóir agus Bunscoil Cholmcille. Bhí an tOllamh Antonella Sorace arís ar láimh chun an príomhchaint ar ‘Why does bilingualism matter?” a sholáthar. Ina dhaidh seo bhí ceardlanna taitneamhacha phraiticiúla den scoth ann ó Ababú agus The Gathering Drum.
Rinne an ócáid seo ceiliúradh ar chultúr agus oidhreacht Dhoire i mbliain seo Chathair an Chultúir. Tá Altram ag súil is go gcothóidh an chomhdhail tuiscint níos iomláine ar ról shealbhú na Gaeilge sna luathbhlianta sa tsochaí seo.

Grianghraf