Méid an Téacs

Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg

Meitheamh 4, 2013

‘Mionteanga, Mórscéalta’ is ea teideal agus téama an Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg a bheidh ar siúl Meán Fómhair seo chugainn.

Tá litríocht agus cultúr na n-óg curtha go mór chun cinn go hidirnáisiúnta le cúpla bliain anuas agus díreofar ar thábhacht na litríochta i gcomhthéacs cultúrtha agus teanga le linn an deireadh seachtaine.

Is í mórcheist na Comhdhála ná ‘Cén tionchar atá ag mionteangacha ar nós na Gaeilge ar ár dtuiscintí ar chultúr na n-óg in Éirinn agus san Eoraip’?

Tá sé mar aidhm ag an gComhdháil plé agus díospóireacht a spreagadh chun na dúshláin atá ann don Ghaeilge i gcultúr agus litríocht na n-óg a shárú. Reáchtálfar plé leathan ar an ábhar ina mbeidh oideachasóirí, scoláirí, foilsitheoirí, aistritheoirí, ealaíontóirí agus daoine eile a bhfuil spéis acu i litríocht agus i gcultúr na n-óg páirteach.

Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu caint a thabhairt ag an gComhdháil teideal agus achoimre an pháipéir (250 focal) mar aon le beathaisnéis (50 focal) a chur chuig litriochtnanog13@gmail.com roimh 5in ar an 14 Meitheamh 2013.

Reáchtálfar Comhdháil Litríocht agus Cultúr na n-Óg in Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 ar 20-21 Meán Fómhair 2013.

Tuilleadh eolais http://litriochtnanog.blogspot.com.

Foilsithe ar Gaelport.com